Tá Maith thú a Mhicí, Puisín na mBróg agus An Saol Sona roghnaithe mar bhuaiteoirí Ghradaim Foilsitheoireachta do Leabhair Ghaeilge na Bliana 2026, a fógraíodh ag ócáid cheiliúrtha sa Taibhdhearc i nGaillimh Dé Céadaoin, 30 Meán Fómhair. D’fhógair an tOireachtas na torthaí i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, agus bronnadh na gradaim ar na buaiteoirí…

Tá an tóir ar ionadaí na hÉireann ag Comórtas Amhrán Eoraifís na nÓg beagnach thart agus triúr amhránaithe óga fágtha sa chomórtas roimh an mbabhta ceannais ar TG4 Dé Domhnaigh an 4 Deireadh Fómhair. Beidh Caleb Kirwan, Naomi Gribben agus Isa-Mae Lyle ag dul in iomaíocht lena chéile sa bhabhta ceannais, a chraolfar ar TG4…

Is cúis mhór bhróid dúinne ag An Páipéar go bhfuil ár nuachtán ar fáil go hoifigiúil anois ar Irish Newspaper Archives, agus ár gcuid oibre á caomhnú mar chuid de thaifead stairiúil agus cultúrtha na hÉireann. Ó bunaíodh An Páipéar i mí Dheireadh Fómhair 2024, tá sé mar aidhm againn guth láidir, neamhspleách agus comhaimseartha…

Beidh Féile Bhia Dhaingean Uí Chúis ar siúl Dé Sathairn an 3 agus Dé Domhnaigh an 4 Deireadh Fómhair, agus os cionn 10,000 cuairteoir á súil sa bhaile thar an deireadh seachtaine. Cuirfidh an fhéile neamhbhrabúis, a eagraíonn oibrithe deonacha áitiúla, bia agus táirgeoirí Chorca Dhuibhne i lár an aonaigh, mar aon le ceardlanna, ceol…

Bhí Pauric O’Meara aon chéim amháin ón duais in The Traitors, ach ba leor an mhiodóg i lámh Diago Rodrigues Caixeta chun a chur ina luí air go raibh deireadh lena sheans. Tar éis dó maireachtáil mar fhealltóir go dtí babhta deiridh an chomórtais, thuig sé go raibh Diago tar éis teacht air. Ba iad…

Bhí os cionn 250,000 duine i láthair ag Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta na bliana seo ar an Screagán, Contae Uíbh Fhailí, áit ar tháinig feirmeoirí, polaiteoirí agus cuairteoirí le chéile ar feadh trí lá. Ba é seo an cúigiú bliain a reáchtáladh an t-imeacht ar an Screagán, an cúigiú comórtas agus nócha. Bhí breis agus 350…
Tá síneadh ama fógartha ag Oireachtas na Gaeilge don phobal ar mian leo cur isteach ar Chomórtais Taibhealaíon an Oireachtais 2026. Is é Dé Céadaoin, 23 Meán Fómhair an spriocdháta nua d’iontrálacha. Beidh 34 comórtas ar siúl i mbliana, idir 13 chomórtas do dhaoine óga agus 21 chomórtas do dhaoine fásta. I measc na gcomórtas…

Insealbhíodh Helen Ní Shé, iarchraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, i Halla Laochra Raidió IMRO an tseachtain seo mar aitheantas ar an méid suntasach atá déanta aici ar son na craoltóireachta Gaeilge. Is mar láithreoir ar An Saol Ó Dheas is fearr atá aithne ar Ní Shé, a áirítear i measc shárchraoltóirí agus agallóirí na…

Rinneadh ceiliúradh ar chuid de na ceoltóirí agus na hamhránaithe traidisiúnta is iomráití sa tír ag searmanas Ghradam Ceoil TG4 2026 in Ollscoil Luimnigh. Bhí Halla Ceolchoirme na hOllscoile lán go doras oíche Dé Domhnaigh, an 13 Meán Fómhair, agus éileamh an-ard ar thicéid don cheolchoirm agus don searmanas bronnta. Craoladh an ócáid beo ar…

Beidh Oíche Chultúir ar siúl anocht, Dé hAoine an 18 Meán Fómhair, agus réimse leathan imeachtaí Gaeilge beartaithe ar fud na hÉireann. Idir cheol, drámaíocht, litríocht, damhsa agus scéalaíocht, beidh rud éigin ar fáil do gach aois agus gach spéis. Cibé acu a labhraíonn tú Gaeilge gach lá, is cuimhin leat cúpla focal ón scoil,…