Beidh clár le craoladh an tseachtain seo agam ar Raidió Fáilte, a dhéanfaidh rud éigin úr a thriail. I mo shraith reatha, Léargas, déanaim agallaimh le daoine i saol na Gaeilge, as Gaeilge, ar ndóigh. Ach mhothaigh mé gur chóir go mbeimis in ann daoine, go háirithe as na tíortha Ceilteacha eile, a chur in…

Tá an Coimisinéir Gaeilge ó thuaidh, Pól Deeds, naoi mí go leith sa phost anois agus ag teacht i dtreo dheireadh na chéad bliana. Shuigh mé síos leis, le labhairt faoi na rudaí is mó a chuaigh i bhfeidhm nó a chuir iontas air. Ba é an chéad rud a luaigh sé ná Fleadh Cheoil…

Nuair a chuala mé gur Fergus Ó hÍr a thabharfadh Léacht Bhliantiúil Radió Fáilte seachtain go leith ó shin, ghlac mé go fonnmhar leis an deis éisteacht le m’iarbhainisteoir ar Raidió Fáilte ag labhairt faoina shaol agus a shaothar. San uair go leith a bhi ar fáil dúinn, ní raibh barúil agam cén ghnéithe den…
Bhí an cheist faoi Éirinn Aontaithe agus na céimeanna a bheadh riachtanach chun reifreann a ullmhú i gcroílár díospóireacht speisialta a craoladh mar chuid de Chraolatón Raidió Fáilte le linn Fhéile an Phobail. Seachas díriú ar an díospóireacht pholaitiúil atá cloiste ag an bpobal le blianta fada, ba iad na ceisteanna praiticiúla a bhaineann le…
Is róghearr go bhfuil an Dara Lá Déag thart. Baineann daoine sa Phobal PAD an-sult go deo as bheith ag ullmhú faoina choinne. Beidh sraoilleáin, hataí agus bratacha curtha ar shiúil, na bláthanna bainte de ghruaig na mban, agus na héadaí oráiste agus corcra stóráilte sa chófra arís. Beidh ar an aos óg smaointiú faoi…
Máirín Hurndall Baineadh geit as gach duine i ndiaidh chás cúirte Jeffrey Donaldson. Tá an scéal bogtha ar aghaidh, áfach, go dtí rud éigin eile ar fad. Ba léir nach raibh a fhios a lán aontachtaithe faoin chineál duine a bhi sa Dónallach, agus ós rud é go bhfuil sciar nach beag acu cráifeach, ba…
Máirin Hurndall Is cuí agus is cóir ó am go chéile amharc ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo ag ár gcomharsana Ceilteacha i gCorn na Breataine. Thart ar bhliain o shin fuair an Choirnis stádas a trí de réir na Cairte Eorpaí um theangacha mionlaigh agus réigiúnacha. Bhí sin thar a…
Máirín Hurndall Táimid ag cloisteáil le roinnt seachtainí anuas faoi Doug Beattie nach roghnóidh a chraobh féin, an Bhanna Uachtair, é mar iarrthóir sa chéad toghchán eile don Tionól i mí na Bealtaine 2027. Bhí crith talún ann, áfach, ag tús na seachtaine seo, nuair a rinne Doug Beattie, a d’éirigh as an pháirtí Dé…
Máirín Hurndall Ar an chéad spléachadh tá cuma ar an scéal go mbeidh na Ceiltigh, faoi dheireadh agus faoi dheoin, in ann imeacht ina dtreo féin, gan laincisí na Ríochta Aontaithe ag cur isteach orthu a thuilleadh. Ach amharc arís. In Albain, cé go bhfuil tromlach na suíochán ag páirtithe ar son neamhspléachais, 58 ag…

Máirín Hurndall D’fhreastail mé ar Imeacht thar a bheith suimiúil ar an 23 Aibreán sa dánlann ghrianghrafadóireachta Belfast Exposed, a spreag a lán smaointe i mo chloigeann. Lá theanga agus chultúr na nGael a bhí ann, mar imeacht amháin i sraith dar teideal BIEN a d’eagraigh an Oifig um Fhéiniúlacht agus Léiriú Cultúrtha faoi stiúir…