Is róghearr go bhfuil an Dara Lá Déag thart. Baineann daoine sa Phobal PAD an-sult go deo as bheith ag ullmhú faoina choinne.
Beidh sraoilleáin, hataí agus bratacha curtha ar shiúil, na bláthanna bainte de ghruaig na mban, agus na héadaí oráiste agus corcra stóráilte sa chófra arís. Beidh ar an aos óg smaointiú faoi ghníomhaíocht eile, seachas a bheith amuigh ag bailiú crátaí don tine, an rabhchán, mar atá ann anois.
Smionagar atá sna tinte anois. Agus, ar an drochuair, tharla cúpla tragóid i dtaca leo. Bíonn siad i bhfad ró-ard agus, ní i bhfad ó mo theachsa, thit fear ón bharr agus fuair sé bás.
Daoine leithleacha a bheas i bhfeighil roinnt acu agus diúltaíonn siad iad a bhogadh ar shiúil ó thithe daoine agus leabharlanna. Dá bhrí sin, chaill cúpla teaghlach san Inis Ghlas, Co. Aontroma, a dteach. Dódh iad go talamh agus gach a bhain lena saol, agus a gcuid cuimnhní ar fad, níl ann dóibh níos mó. Lánúin ina seachtóidí a bhí i gceann amháin de na tithe. Bhainfeadh sé deor as cloch.