Deireadh seachtaine Gaeilge agus sléibhte le FUISEOG i gCill Mhantáin

Beidh deis ag foghlaimeoirí Gaeilge deireadh seachtaine tumthach a chaitheamh i measc shléibhte agus oidhreacht Iarthar Chill Mhantáin níos déanaí an mhí seo nuair a reáchtálfaidh FUISEOG agus Scoil na Sléibhte cúrsa speisialta idir an 24 agus an 26 Iúil i Ráth Daingin.

Tá an cúrsa dírithe ar fhoghlaimeoirí bunleibhéil (A2), go háirithe iad siúd a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil ach a bhraitheann nach bhfuair siad an deis riamh an teanga a úsáid go rialta ná muinín a fhorbairt inti. De réir bhunaitheoir FUISEOG, Caoimhe Ní Shúilleabháin, is é an cuspóir atá leis an deireadh seachtaine ná deis nádúrtha a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a chleachtadh i gcomhthéacs taitneamhach agus sóisialta.

Beidh meascán de ranganna Gaeilge agus imeachtaí cultúrtha ar siúl i rith an deireadh seachtaine. Ina measc beidh siúlóid sléibhe de leibhéal meánach, turas bus staire timpeall an cheantair agus cuairteanna ar shuíomhanna a bhaineann le hoidhreacht shaibhir Ghleann Molúra agus Iarthar Chill Mhantáin. Beidh roghanna eile ar fáil dóibh siúd nach mbeidh in ann páirt a ghlacadh sa tsiúlóid.

Ag caint le An Páipéar, mhínigh Ní Shúilleabháin gur spreag a taithí féin ar chúrsaí teanga thar lear í chun múnla éagsúil foghlama a fhorbairt. Dúirt sí gur minic nach mbíonn an t-am ná na hacmhainní ag daoine seachtain iomlán a chaitheamh sa Ghaeltacht, agus gur iarracht í Scoil na Sléibhte “mion-Ghaeltacht” a chruthú i gcroílár shléibhte Chill Mhantáin.

Dar léi, cé go bhfuil gramadach agus struchtúr na teanga tábhachtach, is iad na deiseanna cainte agus an tumoideachas a chuidíonn le daoine dul chun cinn a dhéanamh agus muinín a chothú ina gcuid Gaeilge. Mheabhraigh sí gur minic a bhíonn an easpa deiseanna cainte, seachas easpa eolais, ar an mbac is mó do dhaoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a athfhoghlaim.

Is in B&Banna áitiúla a bheidh an lóistín, agus cuirfear béilí ar fáil i rith an deireadh seachtaine, lena n-áirítear dinnéar oíche Dé hAoine agus dinnéar in Glenmalure Lodge oíche Dé Sathairn. Tá bricfeastaí agus lónta an dá lá san áireamh freisin. Tá costas €460 ar an gcúrsa, agus tá an lóistín, na béilí, na ranganna agus na gníomhaíochtaí uile san áireamh sa táille.

Dúirt Ní Shúilleabháin go bhfuil sé mar aidhm aici timpeallacht dhearfach a chruthú ina mbraitheann foghlaimeoirí compordach an Ghaeilge a úsáid. “Ní dhéanann aon duine breithiúnas ar a chéile mar tá gach éinne sa bhád céanna leat,” a dúirt sí. “Is é an rud is mó a chuireann isteach ar dhaoine ná an easpa muiníne, ach tá an Ghaeilge acu – níl de dhíth ach deis í a chleachtadh.”

Dúirt sí freisin gurb é fís FUISEOG “pobal beag Gaeilge a chruthú i sléibhte Chill Mhantáin”, áit a mbeidh deis ag daoine an teanga a úsáid go nádúrtha i gcomhluadar daoine eile. “Taithí Ghaeltachta sa Ghalltacht,” a dúirt sí, agus í ag cur síos ar an gcoincheap atá taobh thiar de Scoil na Sléibhte. Tá tuilleadh eolais faoin gcúrsa agus faoi chláir eile FUISEOG ar fáil ag fuiseog.org.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.