Tá cúis mhór cheiliúrtha ag An Páipéar agus dhá ainmniúchán faighte ag beirt ón fhoireann ar ghearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2026. Tá Eagarthóir An Páipéar, Cóilín Duffy, ainmnithe do Ghradam Iriseoir na Bliana, agus tá Aoife Granville ar an ngearrliosta do Ghradam Cholúnaí na Bliana. D’fhógair an tOireachtas an gearrliosta Dé Luain seo caite…

Tá Pádraig de Burca, saoririseoir le An Páipéar, ceaptha mar Oifigeach Gaeilge nua ag Pobal Éireann Wikimedia. Beidh sé freagrach as úsáid na Gaeilge a mhéadú ar thionscadail Wikimedia, chomh maith le pobal eagarthóireachta na Vicipéide a neartú agus tuilleadh Gaeilgeoirí a spreagadh chun cur leis an ábhar atá ar fáil. Tiocfaidh sé i gcomharbacht…

Ba mhór an chúis cheiliúrtha é d’fhoireann An Páipéar Dé Luain seo caite agus 100 eagrán den nuachtán Gaeilge foilsithe ó bunaíodh é i mí Dheireadh Fómhair 2024. Reáchtáladh cóisir speisialta i Halla na Gaeilge i gceannáras Fhoras na Gaeilge, Baile Átha Cliath, áit ar tháinig iriseoirí, scríbhneoirí, cairde agus lucht tacaíochta an nuachtáin le…

Bhí craoltóireacht na Gaeilge go mór chun cinn ag Gradaim Raidió IMRO 2026, agus trí bhonn óir ag dul chuig RTÉ Raidió na Gaeltachta, bonn cré-umha á bhaint amach ag BBC Gaeilge agus aitheantas speisialta á thabhairt do Helen Ní Shé as an méid atá déanta aici ar son na craoltóireachta Gaeilge. Tháinig lucht raidió…

Bhí casadh gan choinne i mbabhta ceannais Eoraifís na nÓg Éireann oíche Dé Domhnaigh, nuair a fógraíodh go ndéanfadh beirt amhránaithe óga, Caleb Kirwan agus Naomi Gribben, ionadaíocht ar Éirinn ag Comórtas Amhránaíochta Junior Eurovision 2026 i Málta. Bhí Caleb, atá 14 bliana d’aois agus arb as Baile na Lobhar i mBaile Átha Cliath é,…
Is é an tuiseal ginideach foirm ghramadúil d’ainmfhocal a thagann faoi anáil focail eile agus a léiríonn tríd an bhfoirm sin an tionchar atá ag an bhfocal eile air nó an gaol atá eatarthu. Seo roinnt samplaí ó An Foclóir Beag (An Gúm): Bíonn ainmfhocal sa tuiseal ginideach díreach tar éis ainm briathartha, mura bhfuil…

Raidió na Gaeltachta Dé hAoine 9/10/26 07:00 Nead na Fuiseoige 08:00 Adhmhaidin 09:00 Príomhscéalta na Nuachta 09:15 Iris Aniar 10:15 Tobar an Cheoil 10:55 Tuairisc Spóirt 11:00 Barrscéalta 12:00 Príomhscéalta na Nuachta 12:08 An Saol ó Dheas 13:00 Nuacht a hAon 14:00 Tuairisc Spóirt 14:05 Focal ar Fhocal 14:30 Blas 15:00 Pé Scéal é 17:00…

Tabharfar faoi cheann de na finscéalta is cáiliúla i mbéaloideas na hÉireann i gclár faisnéise nua, Cill Stuifín, a chraolfar ar TG4 Dé Máirt, an 13 Deireadh Fómhair, ag 9.30 pm. De réir an tseanchais bhí sráidbhaile darb ainm Cill Stuifín suite amach ó chósta an Chláir tráth, sular shlog an tAigéan Atlantach é. Tá…

TG4 Dé hAoine 09 Deireadh Fómhair 05:30 France 24 06:00 Cúla4 06:02 Bréidín & Clúmh (GS) 06:08 CoComelon It's Cody Time 06:11 CoComelon JJ's Animal 06:14 Pikwik Pack 06:38 Elmo Anseo 06:44 Pip & Posy 06:52 Bíp Bíp Cory Carson 07:00 PJ Masks 07:12 Wussywat 07:17 Clifford 07:30 Dinocity 07:35 Vegesaurs 07:40 Dialann Alice 07:44…
Tá an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga ag éileamh go gcuirfear deireadh leis na difríochtaí móra i bpá agus i gcoinníollacha fostaíochta san earnáil, agus go gcuirfear maoiniú fadtéarmach agus tacaíocht náisiúnta níos láidre ar fáil. Aontaíodh trí phríomhéileamh ag tionól a d’eagraigh an Mheitheal ar an 4 Meitheamh, áit ar tháinig oifigigh pleanála teanga agus…