Tá aitheantas náisiúnta bainte amach ag Cumann Gaelach Chontae Laoise agus an cumann roghnaithe ag Conradh na Gaeilge mar Chraobh na Míosa do mhí na Samhna.
Is éacht suntasach é seo don chumann, a bunaíodh i mí na Nollag anuraidh, go háirithe ós rud é go bhfuil breis agus 200 craobh ag Conradh na Gaeilge in Éirinn agus thar lear.
Tagann an t-aitheantas sna sála ar Fhéile na Samhna, a d’eagraigh an cumann i bPort Laoise den chéad uair an mhí seo caite. Bhí réimse leathan imeachtaí, aoichainteoirí agus gníomhaíochtaí trí mheán na Gaeilge mar chuid den fhéile, inar tugadh deis do dhaoine ar gach leibhéal cumais sa teanga teacht le chéile.
Agus an gradam á fhógairt, mhol Conradh na Gaeilge an obair atá ar bun ag an gcumann chun cultúr agus teanga na nGael a chur chun cinn.
“Níl an grúpa ach bliain ar an bhfód ach tá sé neart bainte amach acu cheana lena nGaelphobal a fhás i gcontae Laoise,” a dúirt Conradh na Gaeilge.
Tugadh aitheantas freisin d’imeachtaí rialta an chumainn, ina measc Caife agus Comhrá, a bhíonn ar siúl gach dara Satharn ó 11 am go 12.30 pm in Ionad Ealaíon Dhún Másc, chomh maith le Pop-Up Gaeltacht a eagraítear gach mí.
Bronnadh an gradam sa mhí chéanna inar sheol Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, Togra Gaeilge an Uachtaráin, tionscnamh a bhfuil sé mar aidhm aige úsáid na Gaeilge a spreagadh i measc pobal ar fud na tíre.
Tá sé i gceist ag Cumann Gaelach Chontae Laoise cur leis an dul chun cinn atá déanta le bliain anuas agus tuilleadh deiseanna a chruthú do dhaoine an Ghaeilge a labhairt. Cuirtear fáilte roimh chainteoirí líofa, foghlaimeoirí agus aon duine ar spéis leo an teanga a chur chun cinn sa chontae.
Tá Cumann Gaelach Chontae Laoise ar Instagram agus Facebook (Cumann Gaelach Chontae Laoise)