Bhí áthas orm a bheith ábalta a bheith i láthair ag ardfheis bhliantúil ELEN in Óstán an Europa i mBéal Feirste Dé hAoine seo caite. Is é is brí le ELEN an Líonra Eorpach um Chomhionnanas Teangacha.
Ní mhíníonn an teideal a bpriomhchúspóir áfach. Baineann sin le teangacha mionlaithe, atá i mbaol, a chaomhnú, a chur chun cinn agus a fhás agus a fhorbairt.
Is iad Conradh na Gaeilge agus Fís an Phobail a gcomhpháirtithe anseo agus is iad siúd a d’eagraigh an imeacht.
Dé hAoine bhí an chuid is mó de na seisiúin oscailte d’éinne, ach Dé Sathairn is séisiúin dhúnta a bhí ann do bhaill ELEN amháin.
Chuaigh mise chuig ceann Rhieni Dros Addysg Gymraeg, RHAG (Tuismitheoirí ar son Oideachas Breatnaise). Ba í an Stiúrthóir Náisiúnta Elin Maher an cainteoir. Cuireadh béim ina caint ar an teanga a theagasc do theifigh. Faigheann siad maoiniú ón rialtas ach cuardaíonn siad foinsí eile chomh maith, cosúil le heagraíochtaí carthanachta.
Ach chomh maith leis sin faigheann siad cuidiú ó OASIS, grúpa a chuireann an Bhreatnais ar fáil do lorgóirí tearmainn. Tá siad lonnaithe in Caerdydd ach cuireann siad múinteoirí ar fáil do RHAG in áiteanna eile i ndeisceart na Breataine Bige.
Tháispeáin Elin físeán thar a bheith suimiúil ina raibh teifigh agus a dtuismitheoirí ag labhairt Breatnaise.
D’fhreastail mé ar sheisiún eile le Menter Cymru. Is é “fiontar” an chiall le “menter”. D’fhoghlaim muid ón Stiúrthóir Feidhmeannach, Myfanwy Jones, go bhfuil 22 craobh sa tír agus thug sí píosa faoin stair dúinn. Bhí an bhéim, áfach, ar Chontae Conwy, agus labhair Meirion Davies faoina dtograí. Tig leathchuid de phobal an cheantair ó lasmuigh den tir, Sasanaigh is mó. Is é is tábhachtaí leis an ghrúpa seo seo ná an pobal áitiúil agus an geilleagar áitiúil le go dtig le cainteoirí fanacht ina gceantar féin. Pléann siad le deiseanna a thabhairt d’fhoghlaimeoirí an teanga a chleachtadh taobh le cainteoirí dúchais. Ina measc siúd tá siopaí caife, amharclanna, ionaid spóirt, teagasc ceoil do dhaoine óga agus neart neart eile. Dar liom is an rud is tábhachtaí ná cruthú fostaíochta.
Nuair a bheas seanfhoirgnimh as feidhm, seachas é a cheannach ar phraghas an mhargaidh, tá scéim aistrithe sócmhainní don phobal ann, ina dtugann an chomhairle léas ar feadh i bhfad ar phraghas thar a bheith laghdaithe.
Tá scileanna gnó foghlamtha acu, agus cé go bhfaigheann siad infheistíocht ón rialtas, bíonn siad ag infhéistiú arís leis an ús a fhaigheann siad ina lán fiontair éagsúla eile. Mar shampla, cheannaugh siad seanbhanc de chuid HSBC in Llanrwst le bheith mar cheannáras, ag fostú neart daoine. Agus i mBaile Conwy féin, fuair siad seanleabharlann le tiontú ina ionad pobail.
Bhí fáiltiú i Halla na Cathrach an tráthnóna sin, le neart oráidí ag moladh stair, ghníomhaíocht agus dhul chun cinn Bhéal Feirste, go háirithe faoi rudaí ag teacht ón bhun aníos.
Labhair mé an lá sin i nGaeilge, Breatnais agus Gaeilge na hAlban le beagán Béarla agus Francaise fosta. Ach an rud us mó a chuaigh i bhfeidhm orm ansin ná óráid Uachtárán ELEN, Elin Haf Gruffydd Jones, a labhair, den chuid is mó, i nGaeilge fhoirfe.
“Is ar scáth a chéile a mhaireann muid.”.