Gradam Phádraig Uí Aoláin buaite ag páirc uile-aimsire na Rinne

Bhuaigh coiste deonach i nGaeltacht Phort Láirge príomhdhuais Ghradaim na Gaeltachta 2026 as páirc uile-aimsire a thógáil sa Rinn. Bronnadh Gradam Phádraig Uí Aoláin ar an bhfiontar pobail ag searmanas in Óstán Chois Fharraige Déardaoin ar an 19 Samhain. Bhuaigh an pháirc gradam réigiún an deiscirt freisin. Tugann an áis deis d’imreoirí de gach aois páirt a ghlacadh i réimse gníomhaíochtaí spóirt i gcaitheamh na bliana.

Bunaíodh an phríomhdhuais anuraidh in ómós do Phádraig Ó hAoláin, iarphríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta. As Cloch Shiurdáin, Co. Thiobraid Árann, ó dhúchas dó, chuir sé féin agus a theaghlach fúthu sna Forbacha sna 1970í. Chuir sé forbairt na gcomharchumann, cruthú fostaíochta agus tograí pobail chun cinn le linn a thréimhse i gceannas ar an Údarás.

Dúirt Neasa Ní Aoláin, thar ceann Chlann Uí Aoláin, gur mhór an onóir don teaghlach an gradam a bheith á bhronnadh arís. Dúirt sí go raibh sé oiriúnach cuimhne Phádraig a cheiliúradh trí aitheantas a thabhairt don obair atá ar bun ag coistí deonacha ar fud na Gaeltachta.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!