Tugadh aitheantas don obair fhorleathan atá ar bun chun an Ghaeilge a chur chun cinn i bpobail Bhaile Átha Cliath Theas ag ócáid seolta de chuid Gaeilge365 agus Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas i Halla an Chontae i dTamhlacht Dé Máirt seo caite.
Bhí sé mar aidhm ag an ócáid ceiliúradh a dhéanamh ar na grúpaí, na tionscadail agus na tionscnaimh Ghaeilge atá ag feidhmiú ar fud an chontae, chomh maith le naisc a neartú idir na daoine atá i mbun na hoibre sin.
Labhair Méara Bhaile Átha Cliath Theas, an Comhairleoir Francis Timmons, faoin dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun cinn na teanga agus faoin réimse leathan imeachtaí atá á reáchtáil sna pobail áitiúla.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!