Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie

Dé hAoine an 27 Samhain

Caint agus Pionta Bhaile Átha Í
Grúpa comhrá Gaeilge
7.30 pm
Frank O’Briens, Baile Átha Í, Cill Dara
Eolas @caintaguspint ar Instagram nó caintaguspint@gmail.com

Oíche airneáil
Leis an mBruach Thoir
8 pm
Tigh an Cheoil, an Rinn
Beidh an scéalaí Máirín Nic Lochlainn, an file Seán Ó Coistealbha, Colm Seoighe agus neart ceoltóirí agus amhránaithe den scoth eile linn ó Chontae na Gaillimhe.
Arna eagrú ag Comhlucht Forbartha na nDéise ceantar Gaeltacht na nDéise agus an Bruach Thoir

Dé Sathairn an 28 Samhain

Rith Páirce le Lionra Leitir Ceanainn
9.30 am
Páirc an Bhaile, Leitir Ceanainn

Ceoldráma na nÓg 2026
Samhradh na gCruitiri
7.30 pm
Amharclann Gaoth Dobhair, Dún na nGall
Le tacaíocht ó Scéim Bachlóga an Oireachtais.

Tob-Ghaeltacht agus fleadh cheoil
8 pm
Teach Tábhairne Reids, an Lorgáin
Arna eagrú ag Comhluadar Ard Mhacha mar chuid de Fhleadh Tony Lavery.

Dé Domhnaigh an 29 Samhain

Margadh na Nollag
Halla Éinne
Eolas hallaeinne@gmail.com nó 087-2400591
Mar chuid de Blas na Nollag 2026

Siúlóid Sléibhe Gleann Dá Loch

Tosófar an tsiúlóid seo ag 10:30 am
Siúlóid sléíbhe mheánach, lúb ón Láithreach go Gleann Dá Loch agus Doire Bán.
Fad 14 km, dreapadh 400 m, 4.5 uair an chloig ag siúl.
Áit chruinnithe Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair Oifigí BSL, Clifton Hall, Éircód D02 XP89
Imeoimid ag 9 am go cruinn.
Nó
Tús na siúlóide ag an gcarrchlós sa Láithreach in aice Woolen Mills.
Tagairt eangaí O 142 961, nó N53.0024, W6.3000
Eircode Woolen Mills: A67 X478
Bí ann ag 10.15 am le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10.30 am.
Treoraí Pádraig
Eolais cnocadoiri@yahoo.com.
Treoracha go dtí tús na siúlóide, ag teacht ó Bhaile Átha Cliath, lean an N11 go dtí Cill Mocheanóg. Gabh bealach amach 8 i dtreo R755 agus an Tóchair. Ag an timpeallán gabh an ceathrú bealach amach ar R755 agus i ndiaidh 350 m cas ar chlé ar R755. Tar éis 23 km sa Láithreach cas ar chlé. Tar éis 700 m feicfidh tú na fógraí do charrchlós agus Woolen Mills. Cas ar dheis agus tá an carrchlós poiblí ar chlé.
Nó lean an nasc seo go dtí an láthair pháirceála: https://maps.app.goo.gl/pHRf9QYdr423GDJV7
Trealamh agus feisteas riachtanach. Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat https://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html
Neamhbhaill
Mura bhfuil tú i do bhall de na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d’ainm agus d’uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile, neasghaol mar shampla lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála.
Arna eagrú ag na Cnocadóirí

Siúlóid an gheimhridh i gCoill Bhaile Uí Shíoda
Siúlóid treoraithe le Niamh Ní Dhúill
10.30 go 11.30 am
Cupán tae agus comhrá ina dhiaidh
Teacht le chéile ag an tslí isteach thuas
Eolas cnag.trali@gmail.com
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge, Craobh Thrá Lí

Margadh na Nollag
Meán lae go 5 pm
Halla Le Chéile, V92 DK4C
Arna eagrú ag Comharchumann Forbartha an Leith Triúigh Teo

Geamaíreacht na Nollag 2026
Luaithríona
Le Conall Mac Corraidh mar an Leasmháthair Ghránna, Eve Ní Thuama mar Luathríona, agus páistí Scoil Drámaíochta Aisling Óg mar aíonna speisialta.
Scríofa ag Conall Mac Corraidh, léirithe ag Cracin Up Productions.
Meán lae
Cultúrlann McAdam Ó Fiach
Ticeid: £7
Eolas: https://ti.to/culturlann/geamaireacht-na-nollag-luaithriona-copy

Lasadh Shoilse na Nollag agus Lá Teaghlaigh
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste
1 go 4 pm
Le haghaidh tuilleadh eolais milene@culturlann.ie

Ensemble na nÓg, Ceolchoirm 2026
Tugann Ensemble na nÓg ceoltóirí óga (13-17) le chéile ó cheann ceann na tíre le clár oiliúna a chur ar fáil dóibh i réimse an cheoil agus na cumadóireachta chun a gcruthaitheacht agus a bhféinmhuinín a spreagadh.

Beidh Ealaíontóirí Cónaithe Stiúideo Cuan, Bríd Ní Mhaoilchiaráin, PJ Ó hIarnáin, Becky Ní Éallaithe & Seán Ó Coistealbha, ag cur tús leis an oíche le taispeántas speisialta ceoil, amhránaíochta, damhsa & fílíochta.
6 pm
Stiúideo Cuan, an Spidéal, Gaillimh
Eolas agus ticéid https://www.eventbrite.ie/e/ensemble-na-nog-ceolchoirm-2026-tickets-2004481588390

Dé Luain an 30 Samhain

Ceol na gCloigíní le Linda
Foghlaim conas na cloigíní a sheinm
Do theaglaigh a bhfuil páistí 8 mbliana d’aois nó níos sine acu.
4.30 go 6 pm
Óstán Broadhaven, Béal a Mhuirthead
Eolas agus clárú Siobhan – 085-8339491
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Dé Máirt an 1 Nollag

Dinnéar na Nollag i Halla Le Chéile
12.30 pm
Halla Le Chéile, V92 DK4C
Eolas agus clárú 087-2372241
Costas €15 an dinnéár
Arna eagrú ag Comhachumann Forbartha an Leith Triúigh Teo.

Ceardlann bhróidnéireachta na Nollag
6 go 7.30 pm
Leabharlann an Náis
Clarú www.cilldaralegaeilge.ie
Arna eagrú ag Cill Dara le Gaeilge

Seanchas na hEachléime
6.30 pm
SOLAS, Eachléim
Eolas eimear@gaeilgeiorrais.ie nó 085-2503321
Fáilte roimh mhuintir na háite seo agus éinne a bheas suim acu labhairt faoin saibhreas, canúint & seanchas a bhaineann leis an taobh seo den cheantar tíocht chuig chuig na seisiúin seo!
Arna eagrú ag Gaeilge Iorrais i gcomhar le CFID & foireann SOLAS

Dé Céadaoin an 2 Nollag

Club Leabhar BEO
10 am gach Céadaoin
Zoom
Deis éisteacht le húdair aitheanta agus plé faoi leabhair Ghaeilge!
Clarú agus eolas roisin@cogg.ie
Arna eagrú ag COGG

Ealaín na Nollag le Máire
Do thuismitheoirí agus páistí bunscoile
3.30 go 5 pm
An tSeanscoil, Ceathrú Thaidhg, Maigh Eo
Eolas agus clárú Siobhán 085-8339491 nó siobhain@tuismitheoiri.ie
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Cluichí boird as Gaeilge
7 go 8 pm
Leabhar agus Lattes Ceatharlach
€10, tae agus caife san aireamh
Deis álainn do chainteoirí agus foghlaimeoirí

Déardaoin an 3 Nollag

Clubscannan.ie La Grazia
8.15 pm
Seanscoil Sailearna, H91 W925
Ticéid €10 ar fáil ar clubscannan.ie

Dé hAoine an 4 Nollag

Seimineár Lae do dhaltaí Ardteistiméireachta

Cuirimid fáilte gach bliain roimh dhaltaí meánscoile teacht isteach chuig Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, le taithí a chur ar lá léachtaí ag leibhéal ollscoile. Sna léachtaí a thugtar le linn an tseimineáir lae déantar iniúchadh ar chuid den saothar liteartha agus fileata atá ar chúrsa na hArdteistiméireachta.

An Ghearrscéalaíocht, Athair agus Bláth na dTulach
An Fhilíocht, Dínit an Bhróin agus Deireadh na Feide
An Prós, An Nollaig Thiar
An Scannánaíocht, Eoinín na nÉan
An Scrúdú Cainte le Lydia Uí Ruairc (COGG)
9.30 am go 1 pm
Áras Newman, an Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath
Costas €10 an dalta
Eolas https://www.ucd.ie/icsf/ga/imeachtai/imeachtaidodhaltaimeanscoile/
Arna eagrú ag Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Cóisir Mionchainteanna Dúlra na Nollag
7.30 go 10 pm
Small Changes, Inse Chóir, Baile Átha Cliath 8
Tar éis na gcainteanna beidh bia agus deochanna, comhluadar agus craic
Ticéid €8 ó https://linktr.ee/craobhnacoille
Arna eagrú ag Craobh na Coille, Conradh na Gaeilge