Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh agus an Úcráin.
Anois nuair atá an Ucráin fágtha ar an trá fholamh nó fola is mithid do na náisiúin Eorpacha de chuid ECAT ligean don stát cróga seo a bheith ina bhall dá gcumann saibhir.
Lig don Rúis bagairtí agus gníomhú lena gcuid airm núicléacha in aghaidh an chumainn nuathógtha. Bheadh deireadh lena n-ionsaithe gan taise gan trócaire ar an Úcráin lag agus ECAT ar a gcúl.
Féachfaimid ansin an bhfuil na náisiúin shaibhre chaipitileacha de chuid ECAT dáiríre faoi chosaint na hÚcráine agus sásta dul i ngleic ar a son.
Bheadh an deis ansin ag Trump a bheith ina chruthaitheoir síochána agus an Duais Nobel a shaothrú mar is ceart.
Ach ar an drochuair níl mé ag dúil leis an gcineál sin seasaimh ó ECAT d’ainneoin a mbladair agus cainte ón imreoir ar an gclaí. Ach den darna huair deirim gurbh fhiú dul sa seans agus an Úcráin a shábháil ó bhéal an bháis agus glacadh léi mar bhall de ECAT.
Cic sa tóin a bheadh ann don bheirt deachtóirí Trump agus Putin, agus bheadh tionchar nach beag ann dá thairbhe seo ar Gaza agus ar na Iosraelaigh deireadh a chur lena slad agus ár ar eagla go nglacfadh ECAT seasamh láidir ina n-aghaidh sean.
Dónall Mór Mac Billings