Tá mé an-bhuartha faoin treo a bhfuil an tAontas Eorpach ag dul na laethanta seo agus an chaoi a bhfuil an rialtas ag glacadh le gach gníomh atá siad a dhéanamh gan cheist. Ar an 17 Samhain d’fhoilsigh an tAontas Eorpach an dara pacáiste is fiche de smachtbhannaí in aghaidh na Rúise. An uair seo bhí na smachtbhannaí dírithe ar iriseoirí. Ina measc iriseoirí ón Aontas Eorpach, saoránach ó Éirinn duine acu, Chay Bowes. Bhí na smachtbhannaí seo dírithe ar iriseoirí atá ag obair le meáin na Rúise. Tá seo ag sárú an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine, lena n-áirítear airteagal 7, nach féidir pionós a chur ar shaoránach gan próis chuí; airteagal 9, saoirse smaointeoireachta, coinsiasa agus reiligiúin; agus airteagal 10, saoirse cainte. 

De bhrí gur saoránach Éireannach é Bowes tá na smachtbhannaí seo ag sárú airteagal 40.6 de Bhunreacht na hÉireann chomh maith, is é sin ‘ceart na saoránach chun a ndeimhní is a dtuairimí a nochtadh gan bac.’ Ní aontaím le Chay Bowes i dtaobh a thuairimí maidir leis an gcogadh san Úcráin, ach mar a dúirt Evelyn Beatrice Hall, ‘Táim i gcoinne an ruda a deir tú, ach cosnóidh mé go bás do cheart é a rá.’  Tá buncheart daonlathais á shárú anseo.  

Ba chóir d’iriseoirí an fód a sheasamh ina aghaidh an tsáraithe seo ar shaoirse chainte. Tá sé luaite acu siúd atá i bhfabhar na smachtbhannaí ar Bowes go bhfuil sé ina bholscaire ar son na Rúise le Russia Today agus tá an argóint sin ann, de bharr go bhfuil sé obair do mheáin na Rúise, ach má tá sin fíor, tá sé fíor do gach iriseoir a oibríonn i ngach meán stáit, RTÉ agus BBC ina measc. Go deimhin, tá a chlaontaí féin ag gach aon iriseoir a oibríonn le haon meán acu, ach sin nádúr an duine. 

Cuireann sé as dom go bhfuil cosc déanta ag an AE ar chraoladh a dhéanamh ar Russia Today san AE. Ba chóir go mbeadh cead ag gach meán craoladh. Mar iriseoir agus mé ag déanamh taighde d’ailt déanaim mo sheacht ndícheall breathnú ar fhoinsí i meáin éagsúla ar an scéal chun dearcthaí éagsúla a fháil, eolas breise a fháil agus fíricí a dhearbhú. Tóg mar shampla ionsaí Stáit Aontaithe Mheiriceá ar an Iaráin. Bhí mé ag breathnú ar CNN, Fox News, Press TV, atá faoi chosc ag an AE chomh maith, agus Al Jazeera. Bhí dearcthaí éagsúla acu ar na hionsaithe, ach ag breathnú orthu ar fad bhí mé in ann pictiúr níos iomláine agus níos cruinne a fháil ar an ábhar.   

Caoimhín Ó Cadhla