Nuair atá ainmfhocal cinnte sa ghinideach tar éis ainmfhocal eile, ní chuirtear an t-ainmfhocal eile sa ghinideach, ach séimhítear a thúschonsan más féidir. Féach na samplaí seo a leanas:
- Ainm dílis
| Seo é gluaisteán Shíle. | → | Cá bhfuil eochair ghluaisteán Shíle? |
- Ainmfhocal a bhfuil an t-alt roimhe
| Cad é polasaí eagarthóireachta an nuachtáin? | → | Pléadh príomhphointí pholasaí eagarthóireachta an nuachtáin |
- Ainmfhocal a bhfuil aidiacht shealbhach roimhe
| Tá balla mo ghairdín le deisiú. | → | Tá an t-oibrí ag deisiú bhalla mo ghairdín. |
- Ainmfhocal a bhfuil gach, gach aon nó gach uile roimhe
| Tá saothar gach iriseora le ceartú. | → | Tá sé ag ceartú shaothar gach iriseora. |
- Ainmfhocal a bhfuil uimhir nó litir ar a lorg
| Sin é seomra 8 | → | Tá doras sheomra 8 le deisiú |
Eisceacht, cuirtear ainm briathartha sa ghinideach in abairtí mar iad seo a leanas:
| cosaint | → | madra cosanta an tí |
| múchadh | → | fear múchta na tine |
| bualadh | → | lá buailte an arbhair |
Ní chuirtear aonaid áirithe sa ghinideach, ach cuirtear séimhiú nó urú ar an gcéad fhocal más féidir:
cúis an dul chun cinn; loighic an chur chuige; tús an chur i láthair
ag úsáid do chur i láthair; i gcoinne an teacht i bhfeidhm
ag fiosrú an éirí amach; ag cáineadh a gcur i gcéill
Athscríobh na habairtí seo gan lúibín:
- Tá an t-eagarthóir ag moladh (saothar an iriseora).
- Tá meas agam ar thuairimí (bainisteoir na moncharchan).
- Deir an rialtas go bhfuil siad ar son (cearta gach aon oibrí).
- An bhfuil an polasaí nua faoi réir (théarmaí an chomhaontaithe).
- Cé atá ag deisiú (fuinneog mo ghluaisteáin)?
- Beimid ag tógáil (bus 212) ó Dhoire go Béal Feirste.
- Ina dhiaidh sin beimid ag tógáil (traein Bhaile Átha Cliath).
Freagraí…
- Tá an t-eagarthóir ag moladh shaothar an iriseora.
- Tá meas agam ar thuairimí bhainisteoir na moncharchan.
- Deir an rialtas go bhfuil siad ar son chearta gach aon oibrí.
- An bhfuil an polasaí nua faoi réir théarmaí an chomhaontaithe.
- Cé atá ag deisiú fhuinneog mo ghluaisteáin?
- Beimid ag tógáil bhus 212 ó Dhoire go Béal Feirste.
- Ina dhiaidh sin beimid ag tógáil thraein Bhaile Átha Cliath.