
Lean an tsáinn ar aghaidh sa tionól an tseachtain seo agus teannas idir an Páirtí Aontachtach Daonlathach (PAD) agus Sinn Féin ag méadú de réir a chéile.
Tháinig sé chun solais ag tús na míosa go raibh an PAD ag cur achainí ar bhonn ábhar buartha i bhfeidhm maidir leis an bhille Gaeloideachais a bhaineann le pleanáil fórsa saothair.
Tugadh an bille chun tosaigh sa tionól agus vótáil 43 ar a shon agus 30 ina éadan, ach mar gheall ar an achainí ar bhonn ábhar buartha bhí tacaíocht trasphobail de dhíth, rud nach raibh ann.
Dúirt an PAD go raibh an bille mar fhreagra ar shotal Shinn Féin faoi Dhroim Crí.
Maidir le gníomh an PAD, dúirt Céad-Aire Michelle O’Neill, go raibh sé iomlán náireach gur cuireadh veto ar an bhille, agus chuir sí biogóideacht fhrith-Éireannach i leith na bpáirtithe aontachtacha.
Bhí teannas sa tionól fosta i ndiaidh an vóta nuair a labhair Pat Sheehan, Comhalta den Tionól Reachtach de chuid Shinn Féin, a chuir an bille chun tosaigh. Dúirt sé go raibh an achainí ar fáil chun mionlaigh a chosaint, ach sa chás seo, bhí sé in úsáid chun ionsaí a dhéanamh ar pháistí scoile atá ag foghlaim trí theanga mhionlaithe.
Bhí daltaí ón dá mheánscoil sna sé chontae, Choláiste Feirste agus Gaelcholáiste Dhoire, i láthair ag Cnoc an Anfa chun agóid a dhéanamh agus a bhfearg a léiriú maidir le cinneadh an PAD.
Dúirt Sheehan gur chóir do na baill ó na páirtithe aontachtacha a leithscéal a ghabháil do na páistí a bhí taobh amuigh den seomra.
Chuir Gerry Carroll, Ball den Tionól Reachtach ó Phobal seachas Brabús, ceist chun tosaigh i nGaeilge, ag ceistiú an bhfuil an tionól ina theach fuar do Ghaeilgeoirí.
Rinne an LeasChéad-Aire, Emma Little Pengelly, a bheag de na líomhaintí ó Shinn Féin, ag rá gur féidir le Sinn Féin a gceann a chailleadh cibé uair gur mhaith leo.
Dúirt sí go bhfuil iarmhairtí le gníomhartha Shinn Féin, ach ní dhéanfaidh an bille pioc difir in earnáil an Ghaeloideachais.
Dúirt sí féin, agus roinnt baill eile den PAD le seachtainí anuas go bhfuil pleanáil fhórsa saothair ar bun ag an Aire Oideachais Paul Givan do na hearnálacha ar fad cheana féin.
Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, Conradh na Gaeilge, “Is cinneadh iomlán scannalach é seo, seo meicníocht atá in úsáid chun pobail mhionlaigh a chosaint, ach tá an PAD á úsáid anois chun pobail mhionlaigh a chur amach as an seomra. Níl sé maith go leor.”
“Níor ghlac muid leis in 2016 nuair a rinne Paul Givan an cinneadh faoi Líofa, agus ní ghlacfaidh muid leis anois.”
Bhí an díospóireacht deireanach don bhille le bheith ann ag tús na míosa, ach mar gheall ar an achainí cuireadh siar go dtí an Mháirt é.