
Dúirt an t-iar-ard-cheannfort i Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann Norman Baxter ag an fhiosrúchán ar bhuamáil na hÓmaí gur chreid sé go raibh duine de na fir a d’iompair an buama ina ghníomhaire ar son MI5 agus na nGardaí. Bhí Baxter ina cheannaire ar an fhiosrúchán idir 2002 agus 2008. Maraíodh 29 duine sa bhuamáil, bean…

Tháinig na mílte ó gach cearn den tír agus níos faide i gcéin go Cathair Dhoire an deireadh seachtaine seo caite agus ceann de na féilte is mó san Eoraip ag déanamh ceiliúradh ar an tSamhain ar siúl. Meastar gur tháinig níos mó ná 120,000 chun na cathrach thar 4 lá chun 40 bliain den…
D’fhorchoimeád Cúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe breithiúnas ar achomharc Rialtas na Ríochta Aontaithe Bhí teaghlach Sheáin Brown i Londain an tseachtain seo ag fanacht ar thoradh a gcáis maidir le cinneadh a chuir iallach ar Rialtas na Ríochta Aontaithe fiosrúchán poiblí a reáchtáil faoi dhúnmharú Sean Brown. Maraíodh Seán Brown, 61, a bhí mar chathaoirleach…
Chuir an rapálaí Meiriceánach Macklemore tús lena chamchuairt Saoirse don Phalaistín sa 3Airéine oíche Dé Luain. Ar an stáitse leis bhí Kneecap, Hozier agus Beoga. D’fhógair Macklemore an chamchuairt i ndiaidh dó camchuairt Loop le Ed Sheeran sna Stáit Aontaithe a fhágáil. Fuarthas réidh le Macklemore mar gheall ar ráiteas ar son na Palaistíne uaidh…

Baineadh geit as pobal na Gaeilge an tseachtain seo caite agus scéalta ag teacht chun tosaigh go mbeidh BBC Gaeilge ag déanamh athstruchtúrú ar an aonad laistigh den eagraíocht. Tuigtear go mbeidh 3 phost á gcailleadh as na 5 phost lánaimseartha a bhí ann san aonad. Faoi láthair tá soláthar laethúil Gaeilge ar raidió BBC,…

Fleur Ravensbergen Foilsíodh an Tuairisc Neamhspleách ar Aistriú Grúpaí Paraimíleata go Díscaoileadh ag tús na seachtaine. Is iad Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann a choimisiúnaigh an tuairisc lena fhiosrú an raibh fiúntas leis an chur chuige chun teagmháil a dhéanamh leis na grúpaí. Scríobh Fleur Ravensbergen, saineolaí Ísiltíreach ar réiteach aighnis, an tuairisc…
Beidh ionadaithe ó ocht ngrúpa Gaeilge ag taistil chun na Breataine Bige le freastal ar chomhdháil de chuid Cymdeithas Ymddiriedolaethau Datblygu Cymru (CYDC, Cumann Iontaobhais Forbartha na Breataine Beaga). Tá an turas á eagrú ag Iontaobhais Forbartha Thuaisceart Éireann, agus táthar ag súil go mbeidh an grúpa in ann foghlaim faoin obair atá ar siúl…

Chealaigh an Chúirt Achomhairc i mBéal Feirste an cinneadh a chuir cosc ar obair ar Bhóthar A5 ag tús na seachtaine. Rialaigh cúirt anuraidh nár chloígh pleananna na Roinne Bonneagair le spriocanna athraithe aeráide. Bhí moltaí ann ar feadh na mblianta chun bóthar úr débhealaigh a thógáil idir Doire agus Achadh na Cloiche. Bhí roinnt…

An TD Louise O’Reilly i measc an tslua ar Bhóthar GharbhachaidhGrianghraf: Jake Campbell McLaughlin Beidh Comghuallaíocht Chónaitheoirí Bhóthar Gharbhachaidh (CCBG) sa Chúirt Achomhairc i mBéal Feirste inniu agus caingean dlí á ghlacadh acu chun stop a chur le mórshiúil Dhroim Crí. I ndiaidh trí chaingean dlí ar leith agus 13 uair an chloig caite sna…

Cuireadh tús leis an tríú caibidil den fhiosrúchán ar bhuamáil na hÓmaí an tseachtain seo. Chualathas go raibh ceithre dhuine dhéag bainteach le gníomhaíochtaí fianaiseacha sna laethanta roimhe agus ar lá bhuamáil na hÓmaí. Maraíodh naoi nduine is fiche, bean a bhí ag iompar cúpla san áireamh sa bhuamáil ar an 15 Lúnasa 1998, an…