Aíonna speisialta ag tús chamchuairt Macklemore, Saoirse don Phalaistín

Chuir an rapálaí Meiriceánach Macklemore tús lena chamchuairt Saoirse don Phalaistín sa 3Airéine oíche Dé Luain. 

Ar an stáitse leis bhí Kneecap, Hozier agus Beoga. D’fhógair Macklemore an chamchuairt i ndiaidh dó camchuairt Loop le Ed Sheeran sna Stáit Aontaithe a fhágáil. Fuarthas réidh le Macklemore mar gheall ar ráiteas ar son na Palaistíne uaidh ar an ardán. 

Cháin grúpaí Giúdacha Macklemore i ndiaidh dó ‘saoirse don Phalaistín’ a rá ag dhá cheolchoirm, agus é ag tagairt do líon na ndaoine a maraíodh sa tír. 

Dúirt Ed Sheeran gur ghlac a ghníomhaire an cinneadh bata agus bóthar a thabhairt do Macklemore ar an chamchuairt.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.