Tá trí lá dobróin náisiúnta fógartha sa Spáinn tar éis do 68 duine bás a fháil agus na scórtha eile a bheith gortaithe in imbhualadh idir dhá thraein ardluais i lár na tíre maidin Dé Céadaoin. Tá teaghlaigh fós ag fanacht le scéala faoina ngaolta agus ceisteanna tromchúiseacha á gcur faoi shábháilteacht chóras iarnróid na tíre.
Tharla an tubaiste i réigiún Castilla-La Mancha nuair a bhuail traein de chuid an oibreora stáit Renfe faoi chúl traenach a bhí ina stad, ar leis an gcomhlacht príobháideach Spáinneach Iryo í.
Tá an timpiste ar cheann de na tubaistí iarnróid is measa a tharla san Eoraip san aois seo agus tá imscrúdú ar bun chun a fháil amach cén chaoi ar tharla an t-imbhualadh.
Lean na seirbhísí éigeandála orthu ag cuardach na raice i rith na hoíche, agus craenacha á n-úsáid chun píosaí móra miotail a bhaint as a chéile. Tharla an timpiste ar phríomhbhealach iarnróid a cheanglaíonn Maidrid le Sevilla i ndeisceart na Spáinne.
Bhí Josimar Medina, fear 31 bliain d’aois as Peiriú, ar saoire sa Spáinn lena chailín nuair a tharla an tubaiste. Bhí sé ina chodladh ar thraein Renfe tráth an imbhuailte.
Dúirt sé gur dhúisigh sé agus é san aer de bharr neart an imbhuailte.
Bhí Pablo Mejia, 42 bliain d’aois, i measc na ndaoine a tháinig slán, cé gur bhain gortuithe dá cheann. Dúirt sé gur shábháil athrú suíocháin ag an nóiméad deireanach a bheatha.
Thug sé cuntas ar bhuille ollmhór, paisinéirí ina luí ar bharr a chéile, suíocháin stróicthe amach agus bagáiste scaipthe ar fud na traenach.
Dúirt sé gur mhothaigh sé amhail is gur rugadh arís é.
Idir an dá linn, tá scoil i sráidbhaile Urda, timpeall 130 ciliméadar ó dheas ó Mhaidrid, á húsáid mar ionad tacaíochta do theaghlaigh atá ag lorg eolais faoina ngaolta.
Tá foirne de chuid na Croise Deirge ag tabhairt tacaíocht shíceolaíoch dóibh siúd atá ag teacht chuig an ionad, cuid acu faoi dheora agus cuid eile fós i staid turrainge.
Dúirt Carmen Garcia, síceolaí leis an gCrois Dhearg, go mbeadh uaireanta fada deacra roimh na teaghlaigh.
Mhínigh sí go raibh daoine áirithe fós faoi thurraing, daoine eile feargach, brónach nó buartha, agus go mbeadh an próiseas caoineadh thar a bheith casta.
Tá ceithre oifig bunaithe ag Garda Sibhialta na Spáinne i Maidrid, Toledo, Córdoba agus Sevilla chun samplaí DNA a bhailiú ó ghaolta na ndaoine atá ar iarraidh, d’fhonn cabhrú leis na híospartaigh a aithint.
Tá ionaid deonaithe fola oscailte freisin i Castilla-La Mancha agus i Maidrid.
Bhí an sagart áitiúil José Miguel Fernández i measc na ndaoine a thug tacaíocht do na teaghlaigh. Dúirt sé gur beag tairbhe a bhain le focail ag tráth chomh tubaisteach sin, ach go bhféadfadh barróg sólás éigin a thabhairt.
Agus é ag cuimhneamh ar an láthair nuair a shroich sé í, dúirt sé nach bhfaca sé ach léirscrios, éadóchas, éiginnteacht agus bás.
Tá Aire Iompair na Spáinne, Óscar Puente, tar éis ceisteanna tromchúiseacha a ardú faoi na cúinsí ba chúis leis an timpiste.
Dúirt sé gur theip ar chóras rialaithe uathoibríoch ar stráice 69 ciliméadar den líne iarnróid, rud a d’fhág gur stopadh na traenacha uile sa cheantar.
Ina dhiaidh sin, áfach, thug an t-ionad rialaithe cead do na traenacha tosú ag gluaiseacht arís, i gcúinsí a ndearna an tAire cur síos orthu mar chúinsí domhínithe.
Thaistil traein Renfe 25 ciliméadar eile sular bhuail sí an traein Iryo.
Dúirt Puente go raibh dóthain ama ag an ionad rialaithe an earráid a aimsiú agus a cheartú, ach nár deineadh amhlaidh.
Tagann an tubaiste díreach naoi mí tar éis d’imbhualadh eile idir dhá thraein ardluais 46 duine a mharú in Andalucía i mí Eanáir. Tá imscrúdú na timpiste sin fós ar bun.
Tá an rialtas faoi stiúir Pedro Sánchez ag tabhairt aghaidh ar cheisteanna breise anois faoi bhainistiú agus shábháilteacht an líonra iarnróid, agus olltoghchán luath le bheith ar siúl an 29 Samhain.
Tá comhbhrón curtha in iúl ag an Taoiseach, Micheál Martin, le muintir na Spáinne.
Dúirt sé go raibh muintir na hÉireann ag cuimhneamh ar na híospartaigh agus ar a dteaghlaigh ag an am deacair seo, agus ghuigh sé téarnamh gasta orthu siúd a gortaíodh san imbhualadh.