Moladh teagmháil a dhéanamh le grúpaí paraimíleata chun iad a dhíscaoileadh

Fleur Ravensbergen

Foilsíodh an Tuairisc Neamhspleách ar Aistriú Grúpaí Paraimíleata go Díscaoileadh ag tús na seachtaine. Is iad Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann a choimisiúnaigh an tuairisc lena fhiosrú an raibh fiúntas leis an chur chuige chun teagmháil a dhéanamh leis na grúpaí.

Scríobh Fleur Ravensbergen, saineolaí Ísiltíreach ar réiteach aighnis, an tuairisc agus dúirt sí go bhfuil fiúntas agus tacaíocht ann don chur chuige chun próiseas foirmiúil a chur ar bun le haistriú a éascú. 

Chomh maith leis sin, dúirt Ravensbergen gur mhothaigh sí go raibh toilteanas suntasach ann chun páirt a ghlacadh sa phróiseas ó na grúpaí, ach go raibh tacaíocht teoranta ann don téarma ‘díscaoileadh’ mar chríochphointe den phróiseas.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.