Tháinig 43% den leictreachas a úsáideadh in Éirinn i mí Mheán Fómhair ó fhoinsí in-athnuaite, méadú suntasach ar an bhfigiúr 29% a taifeadadh i mí Lúnasa, de réir sonraí sealadacha nua a d’fhoilsigh EirGrid.
Ba é fuinneamh gaoithe ba mhó a chuir leis an méadú, agus 36% den leictreachas ar fad a úsáideadh sa tír i rith na míosa á sholáthar ag an ngaoth.
Léiríonn na figiúirí gur gineadh 1,015 gigeavatuair (GWh) de leictreachas ón ngaoth i mí Mheán Fómhair, tráth ar tháinig athrú suntasach ar an meascán foinsí fuinnimh a úsáideadh chun freastal ar éileamh leictreachais na tíre.
Tháinig thart ar 5% den leictreachas a gineadh i rith na míosa ó fhuinneamh gréine ar scála na heangaí, agus tháinig laghdú ar an méid leictreachais a gineadh ón ngrian i gcomparáid le míonna an tsamhraidh.