
Grianghraf: Caoimhín Ó Cadhla
Bhí na mílte oibrithe san earnáil phoiblí ar stailc aon lae Dé Céadaoin mar agóid i gcoinne dhiúltú an rialtais tairiscint pá inchreidte a chur ar an mbord, tar éis don chomhaontú pá roimhe sin dul in éag i mí an Mheithimh.
Bhí tionchar as cuimse ag an stailc, léiriú ar fhearg oibrithe poiblí ar fud an chórais. Dúnadh scoileanna, institiúid tríú leibhéal, cuireadh obráidí leighis ar ceal, dúnadh leabharlanna, páirceanna agus iarsmalanna. Ní raibh aon tástálacha tiomána ann, agus dúnadh oifigí stáit den uile chineál.
Agus mar léiriú ar dhiograis na n-oibrithe cuireadh suí den Dáil ar ceal freisin, i ndiaidh do pháirtithe clé an fhreasura a fhógairt nach rachaidís trasna na línte picéid.
Tá an rialtas ag áitiú nár cheart breathnú ar aon chomhaontú pá i gcomhthéacs an ardaithe atá ag teacht ar chostas maireachtála ná aisíocaíocht pá atá dlite ó ghéarchéim COVID, ach ba cheart é a dhéanamh i gcomhthéacs athchóiriú na hearnála poiblí agus aird a thabhairt ar an ngá atá le smacht fioscach mar a thugann siad air.
Deir na ceardchumainn go bhfuil an rialtas ag iarraidh níos mó oibre ar phá níos lú, agus ag iarraidh ar oibrithe a gcriosanna a chúngú cé go bhfuil cistí an stáit ag cur thar maoil le hairgead faoi láthair.
Tá an stailc aon lae seo, agus stailc aon lae eile Dé Céadaoin seo chugainn, ag teacht i ndiaidh obair de réir rialach a chuir srian mór ar sheirbhísí, go háirithe i scoileanna agus in ospidéil, comhartha ar an bhfearg atá ag méadú i measc oibrithe.
Tá an rialtas ag maíomh gur chuir sé €1.2 billiún ar leataobh le haghaidh méaduithe pá san earnáil phoiblí, ach díreach seachtain ó shin shéan na ceardchumainn mar rud easpach an tuairimíocht réamhbhuíséid go gcuirfí €2 bhilliún ar fáil.
Tá an rialtas ag gníomhú le dímheas oscailte ar ghluaiseacht na gceardchumann, agus ar na hoibrithe a bhfuil a gcaighdeáin mhaireachtála á scriosadh ag an ngéarchéim costas maireachtála, tithíochta agus sláinte.
Dar leis an bhfreasúra, tá an tAire Caiteachais Phoiblí, Jack Chambers, tar éis é féin a nochtadh mar dhuine atá mí-oiriúnach go tubaisteach don phost atá aige. Dúirt Mairéad Farrell, urlabhraí caiteachais phoiblí Shinn Féin, go raibh a chuid agallamh iarbhuiséid neamhinniúil, stadach agus gan aon tuiscint aige ar údar feirge na n-oibrithe.
Anois, ámh, tá leid bheag ann go bhfuil athrú meoin ag teacht ar an rialtas. Ag caint ar theilifís, díreach roimh an stailc, dúirt Chambers gur féidir
tús a chur leis an idirbheartaíocht le cúrsaí pá a phlé. Roimhe seo dúirt sé nach raibh i gcúrsaí pá ach ceann de na hábhair a bhí le plé.
Ach arís cheistíonn Kevin Callanan, Ard-Rúnaí Fhorsa, ceann de na ceardchumainn phoibli is mó, an plé dáiríre é seo, nó an sampla eile é den chur i gcéill, dar leis, a bhíonn ar siúl ag an aire go rialta.
“Tá gníomh ag teastáil,” a dúirt sé. “Caithfidh an rialtas tairiscint a chur ar an mbord”.
Tá an rialtas ag súil anois, ámh go mbeidh siad in ann na ceardchumainn a mhealladh isteach ar théarmaí an rialtais leis an dea-chaint seo, agus gur féidir stailc na seachtaine seo chugainn a chur ar ceal.
Creideann siad, is cosúil, gur féidir leo margadh a dhéanamh le ceannairí na gceardchumann thar ceann na n-oibrithe. Ach is iad na hoibrithe féin atá ag eagrú a gcoistí stailce, agus ag cur brú ar na ceannairí. Is iad atá ag plé pleananna le haghaidh tuilleadh gníomhartha mura ngéilleann an rialtas.
Tá oibrithe ag cuimhneamh air, in ainneoin na mbarrshócmhainní ollmhóra a tháinig isteach i gcistí an stáit, nach ndearnadh ach íosmhéid iarrachtaí chun cabhrú le géarchéim an chostais mhaireachtála, agus go háirithe an ghéarchéim fuinnimh, le boilsciú breosla ag rith ag breis agus 11% agus an rialtas ag iarraidh méaduithe pá san earnáil phoiblí a choinneáil faoi bhun 3%.
Is cosúil gur cheap an rialtas go mbeidh tacaíocht an phobail acu má thógann seasamh daingean, agus oibrithe eile feargach b’fhéidir mar gheall ar na deacrachtaí a chothaigh an stailc. Ach is cosúil go bhfuil a mhalairt fíor, go bhfuil tacaíocht an phobail, fiú iad siúd nach oibrithe poiblí iad féin, leis na stailceoirí, go háirithe sna scoileanna agus sna hospidéil.