Cuireadh tús leis an tríú caibidil den fhiosrúchán ar bhuamáil na hÓmaí an tseachtain seo. Chualathas go raibh ceithre dhuine dhéag bainteach le gníomhaíochtaí fianaiseacha sna laethanta roimhe agus ar lá bhuamáil na hÓmaí.
Maraíodh naoi nduine is fiche, bean a bhí ag iompar cúpla san áireamh sa bhuamáil ar an 15 Lúnasa 1998, an t-ainghníomh is mó le linn na coimhlinte.
Thosaigh an fiosrúchán ar an bhuamáil anuraidh, agus chualathas fianaise ó theaghlaigh a raibh daoine muinteartha leo sa bhuamáil agus marthanóirí ar feadh ceithre lá dhéag.
Thug Paul Greaney achoimre ar hipitéis oibre an fhiosrúcháin nuair a thosaigh imeachtaí arís Dé Luain.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!