Dúirt an t-iar-ard-cheannfort i Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann Norman Baxter ag an fhiosrúchán ar bhuamáil na hÓmaí gur chreid sé go raibh duine de na fir a d’iompair an buama ina ghníomhaire ar son MI5 agus na nGardaí.
Bhí Baxter ina cheannaire ar an fhiosrúchán idir 2002 agus 2008.
Maraíodh 29 duine sa bhuamáil, bean a bhí ag iompar cúpla san áireamh, ar an Ómaigh i mí Lúnasa 1998.
Chreid Baxter go raibh na séirbhísí faisnéise eolach ar ghníomhaíochtaí an bhuamadóra sula ndearna siad an bhuamáil.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!