Beidh an Ghaeilge ar cheann de na hábhair a phléifidh cúigear cainteoirí óga ag Child Talks sa Helix i mBaile Átha Cliath inniu, Dé hAoine an 20 Samhain, agus Lá Domhanda na Leanaí á chomóradh. Labhróidh Dáithí Ó Grádaigh, atá sé bliana déag d’aois, faoin dúil atá aige sa teanga agus faoin spreagadh is féidir a thabhairt do dhaoine óga í a úsáid agus a bheith bródúil aisti.
Is í seo an naoú bliain d’Oifig an Ombudsman do Leanaí ag reáchtáil na hócáide, ina dtugann páistí agus déagóirí cuntas ar a dtaithí féin agus ar na ceisteanna is tábhachtaí dóibh. Cuirfear tús leis an gcraoladh beo ar oco.ie ag 11 ar maidin agus beidh deis ag daltaí ar fud na tíre féachaint air óna seomraí ranga.
Labhair an tOmbudsman do Leanaí, an Dr Niall Muldoon, roimh an ócáid faoin obair a dhéantar leis na cainteoirí agus iad ag ullmhú don ardán. Dúirt sé go n-éisteann a fhoireann le scéalta na ndaoine óga agus go gcabhraíonn siad leo iad a insint ar bhealach a fhágann gur fusa dóibh labhairt faoina dtaithí. Tugann sé sin deis don lucht éisteachta, a dúirt sé, tuiscint níos fearr a fháil ar na dúshláin a bhí rompu.