Vóta caillte ar iarratas ar an rialtas reifreann a thógáil ar an nglas triarach

Bhí vóta sa Dáil oíche Dé Céadaoin chun aon athruithe i dtaobh an ghlais thriaraigh a chur faoi bhráid na ndaoine i reifreann. Is Sinn Féin a chuir an vóta chun tosaigh. Vótáil 85 in aghaidh reifrinn agus 77 ar son.  

TD amháin de chuid an rialtais a vótáil ar son reifrinn, Barra Ó hÉineacháin. Dúirt sé gur ghlac sé leis go mbeadh leasú déanta ar an nglas triarach sa Chlár Rialtais, ach gurb é an gníomh atá dhéanamh ag an rialtas ná fáil réidh leis an nglas triarach ina iomláine, seachas é a leasú.  

Chur ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, ceist ar an rialtas cén ról soiléir a bheidh ag na Fórsaí Cosanta i misean an Aontais Eorpaigh sa Liobáin atá beartaithe sa bhliain úr.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil ráiteas Shinn Féin go mbeidh na Fórsaí Cosanta ag tacú le fórsaí Iosrael i misean nua an AE, rud a chuireann na trúpaí atá ann faoi láthair i mbaol. Tá Fianna Fáil tar éis físeán a chur ar na meáin shóisialta ag déanamh agallamh le hiarTD agus iarshaighdiúir Cathal Berry.  Dúirt sé go bhfuil an glas triarach ar nós an tseanmhionna dílseachta i leith mhonarc Shasana, go bhfuil sé ag baint as do fhlaitheas na tíre trí bheith ag braith ar na cúig stát a bhfuil cumhacht chrosta acu ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.   

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.