Gríosann Burnham don Ríocht Aontaithe filleadh ar ais ar an Aontas Eorpach

Thug Príomh-aire na Ríochta Aontaithe Andy Burnham óráid ag féasta Ardmhéara Londan Dé Luain nuair a mhaígh sé go bhfuil níos mó caillte ag an Ríocht Aontaithe ná mar atá gnóthaithe acu sna blianta ó d’fhág siad an tAontas Eorpach. Bhí sé ag tagairt don Bhreatimeacht ar vótail pobal na Breataine ar a shon, cé gur gur vótáil Albain agus na sé chontae ina éadán, i mí an Mheithimh 2016. Dá dheasca sin d’fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach go foirmiúil in 2020. Go bunúsach bhí Burnham ag fógairt go mba cheart don Ríocht Aontaithe athmhachnamh a dhéanamh ar a gcaidreamh leis an Aontas Eorpach.

“Tá sé cosúil le héadaí nua an Impire – níl éinne sásta an fhírinne lom a rá. Bhuel, deirimse rudaí mar a fheicim iad. Agus leis an bhfírinne a rá, níl aon éadaí ar an Impire ar chor ar bith.  Níor éirigh leis an mBreatimeacht a fuaireamar. Tá níos mó caillte againn ná mar atá gnóthaithe againn,” a dúirt sé.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.