
Tiocfaidh ionadaithe ó eagraíochtaí teanga ar fud na hEorpa le chéile i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo, ón 20 go dtí an 22 Samhain, chun brú a chur ar an Aontas Eorpach cosaint níos láidre a thabhairt do theangacha mionlaithe agus do chearta a gcainteoirí.
Tá Conradh na Gaeilge agus Fís an Phobail, an líonra pleanála teanga in iarthar Bhéal Feirste, ag óstáil Ard-Fheis an Ghréasáin um Chomhionannas do na Teangacha Eorpacha (ELEN). Déanann an scátheagraíocht ionadaíocht ar 183 balleagraíocht a chuimsíonn 51 teanga i 25 stát Eorpacha. Tá cur chun cinn teangacha mionlaithe agus teangacha atá i mbaol i gcroílár a cuid oibre.
Tabharfaidh an tOllamh Nicolas Levrat, Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe um Chearta Mionlach, príomhchaint na hArd-Fheise maidin Dé Sathairn. Pléifidh sé tuarascáil dá chuid atá le foilsiú go luath agus ina ndéantar measúnú criticiúil ar a bhfuil déanta ag an Aontas Eorpach chun teangacha mionlaithe a chosaint agus cearta a gcainteoirí a dhaingniú. Tá ELEN ag éileamh le fada go mbunófaí creat cosanta níos láidre agus níos cuimsithí ar leibhéal na hEorpa.
Pléifidh painéal saineolaithe na cosaintí breise atá de dhíth. Beidh an tOllamh Vesna Crnić-Grotić, ó choiste saineolaithe Chomhairle na hEorpa a dhéanann monatóireacht ar chur i bhfeidhm na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, ar an bpainéal. Beidh Uachtarán ELEN, an tOllamh Elin Haf Gruffydd Jones, agus Ard-Rúnaí an ghréasáin, Davyth Hicks, páirteach ann freisin. Beidh Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, agus saineolaithe Gaeilge ó Bhéal Feirste agus ó áiteanna eile in Éirinn i láthair.
Cuirfear tús leis an gclár ag meán lae Dé hAoine in Ionad Comhdhála Óstán Europa, áit a mbeidh cainteanna, cuir i láthair agus grúpaí oibre ar siúl. Osclóidh Ard-Mhéara Bhéal Feirste, Róis-Máire Donnelly, an Ard-Fheis go hoifigiúil ag ócáid fáiltithe i Halla na Cathrach ag a seacht a chlog tráthnóna. Beidh fáilte roimh an bpobal ag an ócáid sin.
Pléifear rúin agus tuarascálacha Dé Sathairn i Naomh Comghall – Ionad Eileen Howell. Beidh dinnéar na comhdhála agus siamsaíocht ar siúl sa Chultúrlann McAdam Ó Fiaich an oíche sin. Maidin Dé Domhnaigh, cuirfear clabhsúr leis an gclár le turas treoraithe ar mhúrphictiúir iarthar Bhéal Feirste, ag tosú ó Thúr Duibhise.
Reáchtáil Conradh na Gaeilge Ard-Fheis ELEN i mBaile Átha Cliath in 2018. Tá clár iomlán Ard-Fheis 2026 ar fáil ar líne ag https://tinyurl.com/ELEN2026