Athstruchtúrú fógartha ag BBC Gaeilge dá soláthar raidió

Baineadh geit as pobal na Gaeilge an tseachtain seo caite agus scéalta ag teacht chun tosaigh go mbeidh BBC Gaeilge ag déanamh athstruchtúrú ar an aonad laistigh den eagraíocht. 

Tuigtear go mbeidh 3 phost á gcailleadh as na 5 phost lánaimseartha a bhí ann san aonad. Faoi láthair tá soláthar laethúil Gaeilge ar raidió BBC, le Blas agus cláir eile á gcraoladh ag 7.30 san oíche.

De réir an BBC ní bheidh athrú ar an mhéid airgid a chaitear ar aschur Gaeilge faoin athstruchtúrú molta, agus beidh na cláir á gcur ar fáil ag eagraíochtaí neamhspleácha in áit laistigh den BBC féin.

Tá cáineadh déanta ag Conradh na Gaeilge faoin chinneadh. Rinne Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, codarsnacht idir an t-aschur sna sé chontae agus a chomhionann sa Bhreatain Bheag agus in Albain.

Dúirt sé, “Mar a sheas rudaí sular tháinig na ciorruithe seo chun solais, bhí an Ghaeilge, agus soláthar na Gaeilge sa BBC, cheana féin in áit na leathphingine i gcomhthéacs an tsoláthair a dhéantar do theangacha dúchasacha eile san eagraíocht. Sa Bhreatain Bheag, tá dhá stáisiún raidió trí mheán na Breatainise, BBC Radio Cymru agus BBC Radio Cymru 2, ar a gcraoltar, san iomlán, timpeall 200 uair a chloig de chláir trí Bhreatnais sa tseachtain.”

“In Albain, tá BBC Raidió nan Gàidheal ann, áit a gcraoltar cláir trí Ghàidhlig thar 90 uair a chloig sa tseachtain. Agus anois tá an BBC chun deireadh a chur le 60% de na poist lánaimseartha a oibríonn chun na cláir sin a chur ar fáil.”

“Ba cheart go raibh náire orthu siúd a rinne na cinntí sin. Ní mór don BBC saineolas agus taithí na foirne Gaeilge a chosaint in áit iad a scrios. Ba cheart don BBC infheistiú san fhoireann chun gur féidir cur leis an soláthar reatha agus freastal cothrom a dhéanamh ar phobal na Gaeilge.”

Dúirt Mac Giolla Bhéin faoin tionchar a bheas aige seo ar na seirbhísí Gaeilge. “Ní bheidh ach beirt anois fostaithe don Ghaeilge as na 650 fostaí de chuid an BBC ó thuaidh. Déanfaidh sé sin damáiste ollmhór do chláir raidió beo.”

Tá na ciorruithe mar chuid de chiorruithe níos leithne atá á ndéanamh ag an BBC. D’fhógair an BBC go mbeidh siad ag cur deireadh le BBC Scotland TV ar an teilifís agus beidh sé ag bogadh go BBC iPlayer.

Chomh maith leis sin beidh deireadh le clár News at Seven, agus táthar ag súil go gcaillfear 10 bpost mar chuid de, chomh maith le 60 post a cailleadh ag tús na bliana in Albain.

Dúirt an BBC go mbeidh siad ag cur deireadh le seirbhís líneach BBC 3, agus BBC Raidió 4 Extra agus an eagraíocht ag iarraidh £500 milliún a shábháil faoi 2028. 

Dúirt Foras na Gaeilge go raibh teagmháil déanta acu le lucht ardbhainistíochta an BBC sna sé chontae ar lorg tuilleadh eolais faoina gcinneadh.

Dúirt Seán Ó Coinn, Príomfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, “Bheinn buartha faoi inmharthanacht agus leas na craoltóireachta Gaeilge ó thuaidh amach anseo, mura mbíonn foireann acu le bheith ag plé le cláir Ghaeilge.”

“Aithním an fhorbairt atá déanta ar chúrsaí craolacháin ó thuaidh ó Chomhaontú Aoine an Chéasta agus i gcomhthéacs na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, ach ardaíonn an fógra is déanaí ceisteanna dáiríre faoi na spriocanna agus uaillmhian fhadtéarmach atá ag an BBC do phobal na Gaeilge ó thuaidh sa chomhthéacs níos leithne sin”.

Agus an BBC ag déanamh athbhreithnithe ar a gcairt ríoga, tá sé molta ag Foras na Gaeilge in aighneacht scríofa go ndéanfaí ardú suntasach ar an gcaiteachas ar ábhar i nGaeilge ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.