Tá maoiniú breise €5.4 milliún ceadaithe ag an Aire Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, chun leanúint le hathfhorbairt cheannáras stairiúil Chonradh na Gaeilge ag 6 Sráid Fhearchair i lár Bhaile Átha Cliath.
D’fhógair an tAire an maoiniú Dé Céadaoin an 21 Deireadh Fómhair agus é ar cuairt ar an suíomh, áit a bhfuil obair ar bun chun mol teanga agus cultúir a chruthú don Ghaeilge i bpríomhchathair na tíre.
Cuirfear an maoiniú ar fáil d’Oifig na nOibreacha Poiblí chun tabhairt faoin gcéad chéim eile den tionscadal, a bhfuil sé mar aidhm leis an foirgneamh stairiúil a chaomhnú agus áiseanna nua-aimseartha a fhorbairt ann.
Beidh Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge agus Raidió Rí-Rá i measc na n-eagraíochtaí Gaeilge a bheidh lonnaithe san fhoirgneamh nuair a bheidh an athfhorbairt críochnaithe.