
Tá an scoláire, scríbhneoir agus iar-ardstátseirbhíseach Seán de Fréine, a raibh tionchar nach beag aige ar an bplé faoin nGaeilge agus ar bheartas teanga na hÉireann, tar éis bháis agus é 99 bliain d’aois.
Rugadh de Fréine i mBaile Átha Cliath ar an 21 Meitheamh 1927. D’éag sé Dé Céadaoin, an 21 Deireadh Fómhair, tar éis tinneas gairid, agus é géarintinneach go deireadh a shaoil.
Bhí cion as cuimse aige ar a thír dhúchais agus ar an nGaeilge, agus chaith sé cuid mhór dá shaol ag déanamh staidéar ar stair, ar litríocht agus ar thionchar sóisialta na teanga.
Bhain sé cáil amach mar údar Saoirse gan Só, a foilsíodh in 1960, saothar ceannródaíoch inar scrúdaigh sé na hathruithe sóisialta agus cultúrtha a tháinig ar shochaí na hÉireann de bharr mheath na Gaeilge sa naoú haois déag.
Foilsíodh leagan Béarla den saothar, The Great Silence, in 1965, agus eagrán méadaithe in 1978. Tá an leabhar fós ina fhoinse thábhachtach tagartha ag scoláirí a dhéanann staidéar ar an tsochtheangeolaíocht, ar fhéiniúlacht na hÉireann agus ar stair na Gaeilge.
I measc a shaothar eile bhí Croí Cine, cnuasach cuimsitheach de shleachta as litríocht na Gaeilge ón séú haois anuas. Foilsíodh an chéad eagrán in 1990 agus leagan méadaithe in 2019. Bhí sé ina chomhúdar freisin ar Ciste Cúrsaí Reatha, a foilsíodh in 1992.
Bhí gairmréim fhada aige sa státseirbhís, áit ar oibrigh sé mar ard-státseirbhíseach sa Roinn Airgeadais agus i ranna rialtais eile. Ba é an chéad phríomhfheidhmeannach ar Bhord na Gaeilge é agus bhí sé ina bhall de Bhord na Leabhar Gaeilge, ar fhóin sé mar rúnaí air freisin.
D’oibrigh sé mar shainchomhairleoir bainistíochta in Éirinn agus thar lear chomh maith, agus scríobh sé léirmheasanna ar fhilíocht agus ar ábhair chultúrtha don iris An Timire.
Mar aitheantas ar a shaothar agus ar a thionchar ar an tsochtheangeolaíocht agus ar bheartas teanga na tíre, bhronn Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath dochtúireacht oinigh san fhealsúnacht air i mí na Nollag 2021, agus é 94 bliain d’aois.
Ag fógairt a bháis, thug a mhac Tiarnán ómós croíúil dó.
“Fear eisceachtúil gan amhras. Bhí sé géarintinneach go dtí deireadh a shaol. Bhí an t-ádh linn gur mhair sé saol chomh fada fiúntach,” a dúirt sé.
“Táimid croíbhriste, ach fíorbhuíoch go raibh sé inár saol chomh fada agus a bhí!”
Maireann a sheisear clainne, a gharpháistí agus a gclann siúd ina dhiaidh. Cuimhneofar air mar fhear cineálta, flaithiúil a raibh grá mór aige dá mhuintir agus a rinne cion fir ar son na Gaeilge.
Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.