Cé gur éirigh leis an rialtas an chéad chéim a shárú sa Dáil oíche Dé Ceadaoin chun fáil réidh leis an nglas triarach, léirigh baill pháirtithe an rialtais míshuaimhneas mór maidir leis an mbeart seo. Tá sé ar intinn ag an rialtas agus ag an Taoiseach Micheál Martin go háirithe, deireadh a chur leis an bhforáil dhlíthiúil fhadbhunaithe seo. Tá Willie O’Dea, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil ó Chathair Luimnigh, ar duine de 20 teachta i bFianna Fáil nach raibh sásta leis an athrú polasaí seo.
Is éard atá i gceist leis an nglas triarach ná nach féidir leis an rialtas breis agus dáréag saighdiúirí d’arm an stáit, Óglaigh an hÉireann go hoifigiúil, a sheoladh amach as an stát ar mhisean míleata ach amháin má chomhlíontar gach ceann de na trí choinníoll: faomhadh an rialtais, faomhadh na Dála agus údarú na Náisiún Aontaithe. Theastaigh ón rialtas fáil réidh leis an tríú coinníoll.