Sáinn Dhroim Crí le bheith os comhair na cúirte arís inniu

An TD Louise O’Reilly i measc an tslua ar Bhóthar Gharbhachaidh
Grianghraf: Jake Campbell McLaughlin

Beidh Comghuallaíocht Chónaitheoirí Bhóthar Gharbhachaidh (CCBG) sa Chúirt Achomhairc i mBéal Feirste inniu agus caingean dlí á ghlacadh acu chun stop a chur le mórshiúil Dhroim Crí. 

I ndiaidh trí chaingean dlí ar leith agus 13 uair an chloig caite sna cúirteanna idir Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh seo caite, beidh an cás á chluinstin arís an deireadh seachtaine seo.

Mar chuid den iarratas úr déanfar argóint gur thug Comisiún na Mórshiúlta míthreoir ábhartha orthu féin maidir le measúnú Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (SPTÉ) go bhféadfadh achrann tarlú agus nár thug siad léiriú cruinn ar an fhianaise a thug SPTÉ dóibh ina gcinneadh. 

Tháinig na céadta daoine le chéile ar Bhóthar Gharbhachaidh oíche Dé Sathairn chun stop a chur leis an mhórshiúl Oráisteach. Tháinig an Chéad-Aire, Michelle O’Neill, agus Uachtarán Shinn Féin, Mary-Lou McDonald, chun tacú leis an phobal. Tháinig roinnt polaiteoirí eile ó pháirtithe náisiúnacha le linn na hoíche agus le linn na seachtaine.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.