Toscaireacht na nGael ar cuairt chun na Breataine Beaga

Beidh ionadaithe ó ocht ngrúpa Gaeilge ag taistil chun na Breataine Bige le freastal ar chomhdháil de chuid Cymdeithas Ymddiriedolaethau Datblygu Cymru (CYDC, Cumann Iontaobhais Forbartha na Breataine Beaga).

Tá an turas á eagrú ag Iontaobhais Forbartha Thuaisceart Éireann, agus táthar ag súil go mbeidh an grúpa in ann foghlaim faoin obair atá ar siúl ag a machasamhlacha sa Bhreatain Bheag.

Beidh ionadaithe ag teacht ó Chultúrlann Uí Chanáin agus Carn Tóchair i nDoire, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Glór na Móna, Raidió Fáilte, Ionad Uíbh Eachach, Fís an Phobail i mBéal Feirste, agus Aonach Mhacha in Ard Mhacha.

Dúirt Joe Ó Dochartaigh, Oifigeach Pleanála Teanga Charn Tóchair, faoin turas, ‘Tá muid iontach tógtha faoin turas mar gheall ar dhá chúis. Ar an chéad dul síos, is eiseamláir í an Bhreatain Bheag maidir leis an bhealach chun infreastruchtúr a thógáil, agus an bealach a sonraíonn polasaithe agus reachtaíocht tionchar ar athghabháil teanga agus an phleanáil teanga.’

‘An dara rud ná tá muintir na hÉireann agus muintir na Gaeilge go hiontach maith ag dul sa tóir ar dhea-chleachtas, beag beann ar an áit ina bhfuil an dea-chleachtas sin, mar shampla idir na heagraíochtaí ag obair lena chéile go háitiúil nó ar bhun réigiúnach. Bíonn muid féin ag foghlaim ó mhuintir Chathair Dhoire agus ó mhuintir Bhéal Feirste. Tá sé i gcónaí tábhachtach, agus tá go leor de chur chun cinn atá déanta againn bunaithe ó eiseamláir pobal idirnáisiúnta. Sin ón Bhreatain Bheag, nó Tír na mBascach, nó ó fud fad na cruinne.’

‘Sin an fáth go bhfuil sé iontach tábhachtach go bhfuil muid ag foghlaim óna chéile.’

“Tá Raidió Fáilte ag glacadh páirt ann mar tá sé tábhachtach do ghrúpa pobail i mBéal Feirste a bheith ag comhoibriú le grúpa Gaeilge sa chathair agus grúpaí pobail sna sé chontae fosta,” dar le Séimí Mac Aindreasa, Oifigeach Rannpháirtíochta Pobail le Raidió Fáilte.

“Tá sé chomh tábhachtach céanna dúinn mar ghrúpa pobail agus grúpa Gaeilge go bhfuil muid i dteagmháil le grúpaí teangacha Ceilteacha agus mionteangacha eile fud fad na n-oileán seo agus níos faide i gcéin.”

“Mar chuid de ról s’agam tá sé de dhualgas orm deiseanna comhoibrithe mar seo a aimsiú le grúpaí teanga atá ag cur a dteanga chun cinn ina gceantair féin.”

“Is deis iontach é seo taisteal anonn le grúpaí Gaeilge agus ceachtanna a fhoghlaim agus comhoibriú a chothú le grúpaí sa Bhreatain Bheag.

Beidh an turas ag tarlú idir an 19 Deireadh Fómhair agus an 21 Deireadh Fómhair. 

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.