Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Is uirlis chumhachtach í an stailc i stair an lucht oibre a d’athraigh saol na milliún daoine ar fud na cruinne. Nuair a dhiúltaíonn oibrithe dul i mbun oibre chun coinníollacha níos fearr nó pá níos airde a lorg tugtar stailc air sin. Cé go gcreideann go leor daoine gur feiniméan nua-aimseartha atá ann, téann stair na stailceanna i bhfad siar.
Tharla an chéad stailc atá ar taifead sa stair sa tSean-Éigipt thart ar an mbliain 1152 RCh. Le linn réimeas an Fháró Ramasaes III d’eagraigh na ceoltóirí agus na cearduithe a bhí ag tógáil na dtuamaí ríoga agóid toisc nach bhfuair siad a gcuid gráin, a bhí mar phá, in am. D’éirigh go maith leis an ngníomh seo agus léirigh sé go raibh cumhacht ag oibrithe nuair a sheas siad le chéile.
Le teacht na Réabhlóide Tionsclaíche san 18ú agus sa 19ú haois, d’athraigh cúrsaí go mór. Bhog na milliúin daoine ó cheantair thuaithe go dtí na cathracha chun oibriú i monarchana. Bhí na coinníollacha oibre uafásach, le huaireanta fada, pá íseal agus contúirt mhór i gceist gach lá. Mar fhreagra air sin thosaigh oibrithe ag bunú ceardchumann chun troid ar son a gceart.
I stair na hÉireann tá áit lárnach ag Frithdhúnadh Mór Bhaile Átha Cliath in 1913. Faoi stiúir Shéamuis Uí Lorcáin sheas na mílte oibrithe in aghaidh an fhostóra chumhachtaigh William Martin Murphy. Cé go raibh teaghlaigh i gcruatan mór, tharraing an teagmhas seo aird an phobail ar chearta an lucht oibre agus neartaigh sé gluaiseacht an cheardchumannachais in Éirinn.
Inniu cosnaítear an ceart chun stailce sa dlí i gcomhthéacs an daonlathais, cé go mbíonn conspóid ag baint leo i gcónaí. Tríd an stair bhain stailceanna amach rudaí atá mar ghnáthchuid dár saol anois, mar shampla an deireadh seachtaine, an lá oibre ocht n-uair an chloig agus reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta.
Ceisteanna buntuisceana
- Timpeall cé mhéad bliain ó shin a tharla an chéad stailc atá ar taifead sa stair agus cén áit ar tharla sí?
- Cén fáth ar thosaigh na hoibrithe sa tSean-Éigipt ag agóidíocht?
- Cad iad na droch-choiníollacha oibre a bhí ag oibrithe le linn na Réabhlóide Tionsclaíche?
- Cé hé an ceannaire ceardchumainn a luaitear maidir le Frithdhúnadh Mór Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1913?
- Ainmnigh dhá rud atá mar ghnáthchuid dár saol oibre inniu a bhuíochas leis na stailceanna stairiúla.