Mír ghramadaí: An tAinmfhocal 3 – An Chéad Díochlaonadh

Is ainmfhocail fhirinscneacha dar críoch consan leathan iad atá sa chéad díochlaonadh: 

  • nuachtán
  • alt
  • leathanach

Sa tuiseal ginideach caolaítear an consan deiridh: 

  • eagarthóir an nuachtáin
  • údar an ailt
  • barr an leathanaigh

Is lagiolraí iad na hainmfhocail bhfuil ainmneach iolra agus ginideach iolra éagsúil acu. San iolra caolaítear a ndeireadh nó cuirtear -a leo:

Ainmneach uathaGinideach uathaAinmneach iolraGinideach iolra
an t-amhránteideal an amhráinna hamhráinleabhar na n-amhrán
an foirgneamhdoras an fhoirgnimhfoirgnimhúinéir na bhfoirgneamh
an t-úlldath an úillna húlla bosca na n-úll

Is tréaniolraí iad na hainmfhocail a bhfuil ainmneach iolra agus ginideach iolra mar an gcéanna acu:

Ainmneach uathaGinideach uathaAinmneach iolraGinideach iolra
an dánúdar an dáinna dántaúdair na ndánta
an glórfuaim an ghlóirna glórthafuaim na nglórtha
an cladachdúlra an chladaighna cladaí dúlra na gcladaí

Ceisteanna buntuisceana

A: Úsáid bunachar gramadaí ag https://www.teanglann.ie/ga/gram chun an tábla seo thíos a chomhlánú:

    Ainmneach uathaGinideach uathaAinmneach iolraGinideach iolra
    an fearhata an fhirna firhataí na bhfear
    an t-iascboladh an éiscna h___________boladh na n-iasc
    an leabharúdar an __________na __________an siopa __________
    an clár tús an ___________na __________liosta na g__________
    an tIodálachteach an _________na h___________bia na n____________
    an leanbhcathaoir an _______na leanaíseomra na __________
    an toradhblas an _________na ____________an mála ____________
    an praghasardú an __________na ____________ardú na b____________
    an pobalspiorad an _______na ____________ceannairí na bpobal

    B: Athscríobh na habairtí seo gan na lúibíní:

      1. Siúl síos chun (an tobar)
      2. Tá an leanbh ag ithe (úll)
      3. Éist le ceiliúr (na héin)
      4. Tá na hiascairí ag cóiriú (na líonta)
      5. Bí i lár (an t-aonach)
      6. Tá bainisteoir an tsiopa ag ardú (na praghsanna)
      Freagraí…
      An Páipéar
      Forbhreathnú Príobháideachais

      Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.