
Grianghraf: Brendan McKeever
Tagann an frása “Cúige Uladh bheag dhílis Ghiúdach” ó Ronald Storrs, gobharnóir míleata na Breataine in Iarúsailéim idir 1917 agus 1926. Nuair a scríobh sé a chuimhní cinn dár teideal Orientations, d’áitigh Storrs go mbeadh lonnaíocht Shíónach sa Phalaistín ina bhuntáiste do leasa impiriúla na Breataine. Chruthófaí lonnaíocht a bheadh dílis agus ar son na Breataine, ar an gcaoi chéanna ar cruthaíodh daonra dílis le linn Phlandáil Uladh trí chéad bliain roimhe sin.
Bhí Forógra Balfour 1917, a thug coimitmint do na Síónaigh go mbunófaí lonnaíocht dóibh, ina chor cinniúnach i gcruthú na Palaistíne Mandáidigh. Chaith Balfour am ina riarthóir coilíneach in Éirinn. Chuir sé gluaiseachtaí talún faoi chois le linn Chogadh na Talún agus tugadh an t-ainm “Bloody Balfour” air dá bharr.
Bhí baint ag Herbert Samuel, a bhí ar an gcéad Ard-Choimisinéir sa Phalaistín, le cur faoi chois na hÉireann le linn na tréimhse réabhlóidí, 1916-23. Bhí sé i bhfeighil ar imtheorannú poblachtaigh agus shínigh sé an t-ordú go gcuirfí Ruairí Mac Easmainn chun báis. Thacaigh Winston Churchill leis na Dúchrónaigh agus póilíní cúnta, a bhí tar éis Éire a réabadh, a sheoladh chun na Palaistíne in 1922.
I ndiaidh bhunú an tSaorstáit bhain Éamon de Valera leas as Conradh na Náisiún chun freasúra a léiriú do Choimisiún Peel agus beart críochdheighilte á mholadh, is é sin go ndéanfaí an Phalaistín a scoilteadh ins dhá stát, ceann Arabach agus ceann Giúdach. Labhair de Valera i gcoinne na mbeartas sin agus an phlean a bhí ann Giúdaigh Eorpacha a aistriú chun na Palaistíne. D’áitigh de Valera go gcruthódh scoilteanna críche míshocracht seachas síocháin. Ba thús é seo le polasaí gnóthaí eachtracha a thug tús áite don dlí idirnáisiúnta in áit na réiteach seachtrach.
Nuair a ghlac stát na sé chontae fichead ballraíocht sna Náisiúin Aontaithe in 1955, d’ardaigh tailliúirí na hÉireann cás na Palaistíne go leanúnach. Tháinig an tAire Gnóthaí Eachtracha, Frank Aiken, chun cinn sa réimse seo. In 1958, agus é ag labhairt os comhair Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, chosain sé ceart na bPalaistíneach filleadh ar a bhfód dúchais agus d’áitigh go n-íocfaí cúiteamh le teifigh Phalaistíneacha. Thart ar an am céanna thosaigh an stát ag íoc airgid le Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear (UNRWA).
I ndiaidh Chogadh na nArabach agus Iosrael 1967, dúirt Aiken gur chóir d’Iosrael na críocha a cuireadh faoi fhorghabháil le linn na coimhlinte a fhágáil. D’áitigh sé nach raibh sé de cheart ag stát ar bith ionghabháil a dhéanamh ar cheantar ar bith agus mhol sé go dtabharfaí coimitmintí idirnáisiúnta i leith láithreacha naofa Iarúsailéim.
Sna 1970í bhí an stát i measc na gcéad stáit a thug aitheantas d’Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne (ESP) mar ionadaithe dlisteanacha ar mhuintir na Palaistíne. Faoi “Fhoirmle Bhaile Átha Cliath”, bhí cead ag an ESP páirt a ghlacadh sa Chomhphlé Euro-Arabach. Ba dhul chun cinn suntasach Forógra Bairéin i mí Feabhra 1980 nuair a bhí stát na sé chontae fichead ar an gcéad stát i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa chun tacú le féinchinntiúchán agus stát don Phalaistín. An bhliain chéanna chabhraigh taidhleoireacht stát na hÉireann le Forógra na Veinéise a chinn gur cás polaitiúil a bhí i gceist leis an bPalaistín, seachas cás daonnúlaigh amháin, agus ba ghá rannpháirtíocht an ESP.
D’fheabhsaigh caidreamh na hÉireann leis an bPalaistín le linn bhlianta Osló. Thug Yasser Arafat cuairt ar Bhaile Átha Cliath roinnt uaireanta. Bunaíodh oifig ionadaíoch de chuid na Palaistíne le linn na mblianta seo chomh maith agus d’oscail stát na hÉireann oifig den sórt céanna in Ramallah.
Is de bharr tuairimí an phobail i leith na Palaistíne a ghníomhaigh an stát ar bhealach dearfach síos trí na blianta. Ó chogadh 1967 ar aghaidh go háirithe tá cosúlachtaí an dá thír á dtabhairt chun solais i gcomhthéacs na staire choilínigh. D’fhorbair Sinn Féin agus na hÓglaigh dlúthchaidreamh le gluaiseacht náisiúnta na Palaistíne ó na 1970í ar aghaidh, agus tá naisc idir sóisialaigh phoblachtánacha agus leithéidí Fhronta Phobal na Palaistíne ar son na Saoirse go fóill. Bhí ceardchumainn na hÉireann i measc na gcéad ceardchumainn san Eoraip a thacaigh leis an bhfeachtas Baghcat, Dífheistiú agus Smachtbhannaí.
Tá tionscadail ón mbun aníos a bhunaigh Éireannaigh sa Phalaistín ar mhaithe leis an ndlúthpháirtíocht tábhachtach chomh maith, cur i gcás Aclaí na Pailistíne, Ceiltigh Lajee, CLG na Palaistíne, agus samplaí eile nach iad. Agus dár ndóigh, tá gníomhaithe agus an pobal fud fad na tíre ag slógadh, ag bailiú agus ag labhairt amach ar son na Palaistíne le fada, ach go háirithe le roinnt blianta anuas.
É sin ráite, is sop in áit na scuaibe an méid atá déanta ag an stát i gcomhthéacs an chinedhíothaithe. Tá polasaí eachtrach an stáit faoi smacht ag an bpolasaí eacnamaíochta atá dlúthcheangailte le himpireacht na Stáit Aontaithe agus a mbraitheann ar chomhlachtaí ilnáisiúnta agus turasóirí Meiriceánacha.
Is féidir traidisiún ársa frith-choilíneachas idirnáisiúnta na hÉireann a rianú ó phoblachtachas Wolfe Tone go háirithe agus a phaimfléid The Spanish War a foilsíodh in 1790. Thuig Tone go gcaithfear poblacht neamhspleách a bhunú a bhrisfeadh an nasc, is cuma nasc polaitiúil nó eacnamaíochta, leis na himpireachtaí móra chun go mbeadh polasaí eachtrach neamhspleách againn. Tá poblacht den chineál sin, poblacht a fhíoraíonn fís Tone, le bunú go fóill. Is ag an bpointe sin a d’fhéadfaimis seasamh, mar stát, go dáiríre ar son na Palaistíne.
Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta amach ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.