
Tháinig na Buachaillí Bána chun cinn in Éirinn sna 1760í i dtús báire. Bhí sé de nós acu léinte nó blúsanna pleátáilte bána a chaitheamh chun iad féin a cheilt, agus is uaidh sin a tháinig a n-ainm. Bhídís láidir i ndeisceart na tíre, i gCúige Mumhan go háirithe, áit a raibh an talamh go…
Craoladh clár spéisiúil le gairid ar RTÉ faoi thrialacha chailleacha Oileán Mhic Aodha i gContae Aontroma agus an iarpaiteolaí stáit, an Dr Marie Cassidy, ina láithreoir. In 1711 fuair baintreach leis an ministir Preispitéireacha, Ann Haltridge, bás in Oileán Mhic Aodha. Chreid go leor den phobal go raibh baint ag fórsaí osnádúrtha lena bás. Go…
Faoin mbliain 1897 bhí bonn sách láidir faoi Chonradh na Gaeilge. Bhí an iris scolártha Irisleabhar na Gaeilge ag soláthar foghlaimeoirí le hábhar léitheoireachta. Sa mhullach air sin bhí ceachtanna teanga an Athar Eoghan Ó Gramhnaigh agus obair eagarthóireachta Eoin Mhic Néill tar éis pobal bríomhar léitheoirí agus scríbhneoirí a chruthú. Ach thuig lucht ceannasaíochta…

Tá Páras na Fraince, agus go deimhin bailte agus cathracha ar fud na tíre, i mbun agóide le roinnt seachtainí anuas. Tá slad á dhéanamh ag stát nualiobrálach na Fraince ar an gcóras oideachais le blianta fada, rud a spreag na scoláirí agus mic léinn le dul i mbun agóide. Dé Sathairn an 17 Deireadh…

Tagann an frása “Cúige Uladh bheag dhílis Ghiúdach” ó Ronald Storrs, gobharnóir míleata na Breataine in Iarúsailéim idir 1917 agus 1926. Nuair a scríobh sé a chuimhní cinn dár teideal Orientations, d’áitigh Storrs go mbeadh lonnaíocht Shíónach sa Phalaistín ina bhuntáiste do leasa impiriúla na Breataine. Chruthófaí lonnaíocht a bheadh dílis agus ar son na…

Mar a bhí i go leor ceantar sa tuaisceart bhí stair fhada ag na coimhlintí a spreag mórshiúlta na bhFear Buí i bPort an Dúnáin. Bhí foréigean sa bhaile tráth a raibh mórshiúlta sa naoú haois déag. Chuaigh cúrsaí in olcas le linn na coimhlinte sna 1970í agus 80í. Bhí achrann ann go háirithe thart…
Rugadh Shadia Abu Ghazaleh ar an 8 Eanáir 1949 in Nablus, a bhí faoi riail na hIordáine ag an am. Fuair sí a hoideachas ag Scoil Fatimid do Chailíní agus ina dhiaidh sin ag Scoil Al-Aishinyah. Is ann, le linn na 1960í, a chuaigh sí isteach i nGluaiseacht Náisiúnach na nArabach (GNA). Fiú agus í…

Rugadh Tomás Dáibhís (1814-45), a bhí ina Éireannach Óg, file, agus iriseoir, i Mala, Co. Chorcaí. Ba é an mac is óige le James Thomas Davis, máinlia míleata de shliocht Breathnach agus Sasanach, agus Mary Atkins, a bhog ar ball go Baile Átha Cliath, áit ar cheannaigh sí teach ar Shráid Bhagóid. Cé gur mhaígh…

Rinne Pádraig Mac Phiarais cáineadh géar ar an gcóras oideachais coilíneach in Éirinn, na scoileanna náisiúnta, ina phaimfléid The Murder Machine. Ba chóras é, dár leis, a chuir cos ar bolg ar spiorad na ndaltaí agus a bhrú an teanga agus cultúr go leataobh. An réiteach air seo ná córas oideachais a bhunú a raibh…

Beidh mórshiúl neamhspleáchais ag YesCymru in Aberystwyth sa Bhreatain Bheag ag deireadh na míosa, an 26 Meán Fómhair. Tá borradh faoi náisiúnaigh na tíre ó bhuaigh Plaid Cymru toghchán stairiúil don Senedd thiar i mí na Bealtaine. Is cinnte go bhfuil tionchar ag polaitíocht na Ríochta Aontaithe trí chéile ar theacht chun cinn na náisiúnach…