
Mar a bhí i go leor ceantar sa tuaisceart bhí stair fhada ag na coimhlintí a spreag mórshiúlta na bhFear Buí i bPort an Dúnáin. Bhí foréigean sa bhaile tráth a raibh mórshiúlta sa naoú haois déag. Chuaigh cúrsaí in olcas le linn na coimhlinte sna 1970í agus 80í. Bhí achrann ann go háirithe thart ar cheantar Shráid Obins, ina raibh móramh Caitliceach, ar a dtugtar “an Tollán”.
Nuair a rinne áitritheoirí iarracht na mórshiúlta a bhlocáil, tharla coimhlintí tromchúiseacha inar ghlac dílseoirí, Constáblacht Ríoga Uladh agus Arm na Breataine páirt. I ndiaidh corraíl mhór in 1985 agus 1986 chinn an tOrd Oráisteach gan dul trí Shráid Obins. Ba ina dhiaidh sin a bhog an láthair chatha go Bóthar Gharbhachaidh. Theastaigh ó na Fir Bhuí siúl síos an bóthar ar a mbealach ar ais ó Eaglais Dhroim Crí. Tá tábhacht shíceolaíoch ar leith ag Port an Dúnáin agus an mórshiúl bliantúil seo don Ord Oráisteach, óir ba ann a bunaíodh an chéad lóiste Oráisteach, Lóiste Oráisteach Dílis a hAon, Ceantar Phort an Dúnáin, in 1796.
Ba chor cinniúnach é bunú Chomhghuaillíocht Áitritheoirí Bhóthair Gharbhachaidh in 1995. Ghlac an grúpa áitritheoirí, gníomhaithe, sagart agus lucht gnó faoina scáth, rud a thug dlisteanacht láidir dó i measc phobal náisiúnach an cheantair. D’éiligh an pobal céanna go ndéanfaí an mórshiúl Oráisteach a chur ar mhalairt slí.
Bhí coimhlintí ann ina dhiaidh sin a d’iompaigh ina ghéarchéim in 1997. An bhliain sin chuir na póilíní cosc ar an mórshiúl ar dtús báire. Ach i ndiaidh do dhílseoirí dul i mbun círéibe brúdh an mórshiúl tríd. Chreid náisiúnaigh gur fianaise a bhí ann seo go raibh an stát ag géilleadh do bhrú na ndílseoirí.
Tharla an choimhlint ba mheasa in 1998 nuair a chuir Coimisiún na Mórshiúlta nuabhunaithe cosc ar an mórshiúl síos Bóthar Gharbhachaidh. Chuir na póilíní cosc ar dhílseoirí dul a fhad leis an mbóthar, rud a spreag agóidí i measc dílseoirí ar fud na sé chontae.
Mharaigh dílseoirí Caitliceach agus fiche i lár na nóchaidí, maruithe a raibh nasc díreach acu le conspóid Bhóthar Gharbhachaidh agus Dhroim Crí. Is maith is cuimhin le daoine marú na ndeartháireacha Quinn i mBaile Monaidh. Bhí an chonspóid agus na maruithe seo ag tarlú i gcomhthéacs an phróisis síochána. Bhain marú na ndeartháireacha stangadh as daoine agus ní fhéadfadh dílseoirí an beart a chosaint. Cé gur lean agóidí ar aghaidh, cailleadh fuinneamh agus ní raibh aon dul siar ann. Ní bheadh na Fir Bhuí ag siúl síos Bóthar Gharbhachaidh. Go dtí gur tháinig an cheist aníos le déanaí is é sin mar a bhí ar feadh ocht mbliana is fiche.
Ach, tríd is tríd, léirigh an streachailt ar Bhóthar Gharbhachaidh fírinne faoi na sé chontae nach féidir a shéanadh, is é sin nach breitheamh neodrach stát na Ríochta Aontaithe. Arís agus arís eile ghníomhaigh an stát chun bonn láidir a choinneáil faoi cheannasaíocht na nAontachtaithe.
Tá Bóthar Gharbhachaidh ina shiombail chumhachtach de phobal nach bhfuil sásta cromadh agus glacadh leis an mbeag is fiú. Díchoilíniú gníomhach atá ar bun. Ní mór dúinn seasamh i ndlúthpháirtíocht le muintir Bhóthar Gharbhachaidh agus iad siúd ar fad atá ag troid ar son saoirse náisiúnta, an chomhionannais agus fhéinchinntiúchán na hÉireann.
Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta amach ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.