
Bhí nós ag mo sheanmháthair (suaimhneas síoraí ar a hanam) mé a thabhairt ar chúl a rothair go Cnoc Uisnigh gach samhradh. Ní raibh an áit seo i bhfad óna teach. Bhíodh buidéal gloine folamh aici agus bhínnse lán ceisteanna mar a bheadh aon chailín óg. “Táimid ag dul go dtí an tobar, a ghrá,” a deireadh sí liom, “go dtí tobar Naomh Bríd”. Chreid na seandaoine go raibh an t-uisce beannaithe, go bhféadfadh sé intinn throm a ghlanadh nó biseach a chur ar radharc na súl a raibh ag teip air. Shiúladh mo sheanmháthair deiseal i dtreo na gréine timpeall an tobair seacht n-uaire, a paidrín ag cnagadh go bog ina láimh. Ní dheireadh sí focal amháin le linn an ama seo. Ciúnas naofa a bhíodh ann, an cineál ciunais nach gcloiseann tú go minic.
Thumadh sí a méara san uisce fuar, ghearradh sí comhartha na croise ar m’éadan, agus ansin líonfadh sí a buidéal. Sula bhfágaimis, chleanglaíodh sí píosa beag éadaigh ó shean-naprún de ghéag an toir ar crochadh os cionn an uisce. Sean-chomhartha a bhí ann, bealach chun d’imní a fhágáil i do dhiaidh ag na naoimh lena réiteach. De réir an tseanchais, de réir mar a lobhann an t-éadach imíonn an tinneas. Nuair a tháinig Naomh Pádraig agus na luathnaoimh eile sa chúigiú haois, ghlac siad leis na suíomhanna seo in ionad iad a mhilleadh. Bhaineadar úsáid as an uisce chun daoine a bhaisteadh.
Le linn ré na bPéindlithe sa seachtú agus san ochtú haois déag, nuair a bhí an tAifreann Caitliceach mídhleathach, tháinig na tobair bheannaithe chun cinn mar áiteanna rúnda dídine. Bhíodh daoine ag teacht le chéile i ngan fhios don saol chun an tAifreann a cheiliúradh faoin aer.
Tá os cionn seachtó tobar beannaithe ar eolas i gContae na hIarmhí. Nascann na toibreacha naofa seo oidhreacht na luath-Chríostaíochta le béaloideas ársa réamh-Chríostaí. De bharr na gceangal domhain atá ag Naomh Bríd leis an réigiún tá a hainm ar roinnt toibreacha. Tá tobar Naomh Bríd i gCill Áir lonnaithe díreach siar ó lárphointe miotaiseolaíoch na hÉireann, Cnoc Uisnigh. Tá linn uisce i gcruth deoire ag an tobar ársa seo, chomh maith le scrín chloiche stairiúil agus fothracha séipéil ón luath-mheánaois.
Toisc gur de chlann Mhic Eochagáin í mo sheanmháthair, tá sí fréamhaithe i rítheaghlach ársa an cheantair seo. Ba thiarnaí na dtailte seo timpeall Chnoc Uisnigh iad a muintir ar feadh na gcéadta blianta. Ós rud é gur rugadh agus gur tógadh baill shuntasacha den teaghlach, lena n- áiritear an staraí ón ochtó haois an tAb Séamas Mac Eochagáin, in aice le Cnoc Uisnigh, bhí caidreamh dlúth geografach agus cultúrtha ag an teaghlach leis na gnéithe tírdhreacha seo. Tamall fada sular tháinig an Chríostaíocht go hÉirinn, bhíodh na treibheacha Gaelacha ag tabhairt ómós d’fhoinsí uisce mar thairseacha go dtí an tAos Sí, agus mar bhronntanais ón talamh féin.
Tá an nasc fisiciúil is láidre suite i mbaile fearainn Bhaile Uí Braonáin, in aice le Baile Chaisleáin Mhig Eochagain. Tá carraig ollmhór ann ar a dtugtar Cathaoir Mhig Eochagáin, a d’fhóin mar chloch insealbhaithe oifigiuil mar ar insealbhaíodh taoisigh chlann Mhig Eochagáin. Timpeall 300 méadar ar an taobh thoir theas de Chathaoir Mhig Eochagáin atá tobar bheannaithe Naomh Aodh Mhic Bhricc suite. De réir naomhsheanchais ón dóú haois déag tá log sa ‘chloch bhreithe’ in aice láimhe ó cheann Naomh Aodh. Bhí cáil an leighis ar an uisce sa log seo agus ar uisce an tobair bheannaithe. Tá cáil ar an tobar sa bhéaloideas áitiúil mar gheall ar ‘chloch an tinnis cinn’, áit a lorgadh oilithrigh faoiseamh ó thinneas.
Tá Tobar an tSagairt i Muileann gCearr lonnaithe ar Shráid na mBráithre Agaistíneacha Thuaidh. D’fhóin an tobar meánaoiseach seo go stairiúil ar an bPrióireacht Agaistíneach áitiúil. Tá béaloideas ag baint leis maidir le seantollán éalaithe a d’úsáidtí le linn ghéarleanúint na dTúdarach. Fágann daoine rudaí beaga ag imeall an uisce mar chomhartha buíochais, mar shampla boinn airgid, bioráin, nó paidríní.
Chomh maith lena dtábhacht spioradálta agus chultúrtha, aithnítear toibreacha beannaithe níos mó ná riamh mar mhicreachórais agus baill chaomhnaithe ríluachmhara. Toisc nár cuireadh isteach go mór ar na suíomhanna naofa ar feadh na gcéadta blianta, caomhnaíonn siad crosbhealach uathúil den bhitheolaíocht agus den chultúr ar a dtugtar éagsúlacht bhithchultúrtha. Sa leigheas tíre is minic a nasctar tréithe teiripeacha uisce an tobair leis na plandaí sainiúla a fhásann thart air. Tá luibheanna agus bláthanna fiáine uathúla a fhásann sna himill thaise a bhaineann le leigheasanna an ghnáthphobail.
Bhí eagna ar leith i measc na seandaoine san am atá thart. Thuig siad an nádúr agus an timpeallacht máguaird orthu. D’úsáid mo sheanmháthair an t-uisce chun a teaghlach, a clós feirme, a curaíocht agus a heallach a bheannú, agus d’fhonn sláinte agus fómhar flúirseach a chinntiú.
Is múinteoir meánscoile, scríbhneoir, ealaíontóir agus staraí í Nuala Holloway a bhfuil BA, HDipEd agus MA aici.