Flóra na hÉireann seolta do bhunscoileanna Gaeltachta

Daltaí agus múinteoir Scoil na bhForbacha agus Scoil Éinne, An Spidéal, in éineacht le Aedín Ní Thiarnaigh ag taispeántas Flora na hÉireann.
Grianghraf: Seán Ó Mainnín

Seoladh sraith nua acmhainní Gaeilge a thabharfaidh deis do dhaltaí bunscoile níos mó a fhoghlaim faoi phlandaí, faoin mbithéagsúlacht agus faoin gceangal idir an Ghaeilge agus an dúlra i gConamara an tseachtain seo caite.

Sheol an scríbhneoir, craoltóir agus láithreoir clár dúlra Aedín Ní Thiarnaigh in Óstán Chois Fharraige, na Forbacha, Co. na Gaillimhe, Déardaoin, an 24 Meán Fómhair.

Is sraith d’ocht bpainéal faoi phlandaí agus faoi ghnáthóga dúchasacha na hÉireann atá i gceist. Is tionscadal é atá forbartha ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) i gcomhpháirt le hOllscoil na Gaillimhe.

Cuirfear sraith de na painéil ar fáil saor in aisce do gach bunscoil Ghaeltachta, agus é mar aidhm leis an tionscadal foghlaim lasmuigh den seomra ranga a spreagadh agus cur le tuiscint na ndaltaí ar an mbithéagsúlacht áitiúil trí mheán na Gaeilge.

Sular seoladh na hacmhainní go hoifigiúil, fuair daltaí ó Scoil na bhForbacha agus ó Scoil Éinne, an Spidéal, deis iad a fheiceáil agus a úsáid. Thug daltaí Scoil na bhForbacha na painéil leo ar shiúlóid Chois Chladaigh, áit ar bhain siad úsáid astu sa timpeallacht nádúrtha.

Tá grianghraif agus eolas faoi réimse leathan plandaí agus gnáthóg ar na painéil, idir phlandaí nimhiúla agus phlandaí séasúracha, chomh maith le héiceachórais ar nós an phortaigh. Tugtar deis do dhaltaí freisin ainmneacha traidisiúnta Gaeilge, ar nós mhéaracán an phúca, na coinnle corra agus an drúchtín móna, a fhoghlaim agus a úsáid.

Dúirt Príomhfheidhmeannach COGG, Jacqueline Ní Fhearghusa, go dtabharfadh an tionscadal deis do mhúinteoirí agus do pháistí eolas a chur “ar an dúlra, ar an mbithéagsúlacht agus ar na hainmneacha dúchasacha Gaeilge” a bhaineann leis na plandaí éagsúla.

D’fhorbair an Dr Seathrún Ó Tuairisg, ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe, na painéil i gcomhar le COGG.

“Tá ceangal láidir idir an dúlra agus an teanga a úsáideann muid chun é a thuiscint,” a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuil an ceangal sin imithe i léig le himeacht na nglúnta agus gur iarracht iad na hacmhainní seo chun cabhrú le páistí dul i ngleic arís le flóra na hÉireann trína dteanga dhúchais féin.

Beidh físeán gearr, Padlet ina mbeidh acmhainní agus leabhrán múinteora ar fáil do scoileanna freisin chun cur leis an bhfoghlaim agus chun cabhrú le múinteoirí na painéil a úsáid mar chuid den churaclam.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.