Éabhlóid, Futa Fata agus Barzaz i measc bhuaiteoirí Ghradaim Foilsitheoireachta 2026

Tá Maith thú a Mhicí, Puisín na mBróg agus An Saol Sona roghnaithe mar bhuaiteoirí Ghradaim Foilsitheoireachta do Leabhair Ghaeilge na Bliana 2026, a fógraíodh ag ócáid cheiliúrtha sa Taibhdhearc i nGaillimh Dé Céadaoin, 30 Meán Fómhair.

D’fhógair an tOireachtas na torthaí i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, agus bronnadh na gradaim ar na buaiteoirí ag Uachtarán an Oireachtais, Áine Ní Ghlinn. Bhí naoi leabhar déag ar ghearrliostaí na dtrí chatagóir i mbliana.

Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin, do Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta, ar Maith thú a Mhicí, cnuasach saibhir scéalta le Micí Sheáin Néill Ó Baoill atá foilsithe ag Éabhlóid. Tá duais €2,500 ag dul don údar agus €5,000 don fhoilsitheoir.

Ba é Puisín na mBróg, le Fearghas Mac Lochlainn agus maisithe ag Paddy Donnelly, a ghnóthaigh Gradam Réics Carló do Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg. Futa Fata a d’fhoilsigh an leabhar samhlaíoch greannmhar seo. Gheobhaidh an t-údar agus an maisitheoir €1,250 an duine, agus bronnfar €5,000 ar an bhfoilsitheoir.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.