Is ag Corcaigh atá an líon is mó ainmniúchán do Shárimreoirí Camógaíochta PwC 2026, agus 14 imreoir ó sheaimpíní na hÉireann ar an ngearrliosta de 36 imreoir a fógraíodh an tseachtain seo.
Tá deichniúr as Gaillimh, a chaill cluiche ceannais na hÉireann i mbliana, ar an ngearrliosta, mar aon le seisear as Cill Chainnigh agus ceathrar as Tiobraid Árann. Tá Abby Walsh ón gClár agus Beth Carton as Port Láirge ainmnithe freisin.
Fógrófar na 15 Shárimreoir ag ócáid Shárimreoirí Camógaíochta PwC i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn an 21 Samhain.
Tá Sarah Healy as Gaillimh, Amy Lee as Corcaigh agus Aoife Norris as Cill Chainnigh ainmnithe do shuíomh an chúl báire.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!