Táimid tagtha go dtí an céadú heagrán de An Páipéar. Ní chreidim go bhfuil 100 eagrán de foilsithe. Ar feadh na mblianta chonaic mé go raibh an stát i mbun teangadhíothú in aghaidh na Gaeilge. D’oibrigh mé i ngluaiseacht na Gaeilge ar feadh na mblianta ag iarraidh é sin a stopadh. Is é mo mhisean an Ghaeilge a bheith mar phríomhtheanga labhartha i sochaí na hÉireann. Ach tá an rialtas nuachoilíneach ó dheas agus an rialtas coilíneach ó thuaidh ag déanamh imeallú ar an nGaeilge níos mó agus níos mó de réir a chéile. Is féidir a bheith ag gearán nó rud éigin a dhéanamh faoi. Sin an uair a thosaigh mé ag smaoineamh céard iad na rudaí atá in easnamh as Gaeilge. Chonaic mé nach raibh nuachtán clóite as Gaeilge ann le dhá bhliain déag. Bheartaigh mé dá bharr sin go mbunóinn nuachtán clóite as Gaeilge.  Rinne mé cinneadh mo phost lánaimseartha a fhágáil agus díriú go hiomlán air sin. Tá sé aisteach gur as smaoineamh a cruthaíodh an nuachtán, ach sin an rud draíochtúil maidir le fiontar a bhunú. Níl mé ag rá go raibh sé éasca, agus fós níl sé éasca, ach is mór an tairbhe a bhainim as An Páipéar a fheiceáil clóite gach seachtain. Tá An Páipéar anois i 1,500 siopa timpeall na tíre agus á sheoladh amach go síntiúsóirí thar lear chomh maith. Ní raibh focal Gaeilge le feiceáil sna siopaí, anois tá. Tá sé ar fáil i bhfoirm chlóite agus dhigiteach.  

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach duine a chuidigh liom An Páipéar a chur ar an bhfód agus a choinnigh é ag imeacht: mo bhean sa chéad dul síos, an fhoireann ar fad a chruthaíonn An Páipéar faoi bhrú gach seachtain, is mór an díograis atá agaibh do An Páipéar, na clódóirí Webprint, na dáileoirí Newspread, na heagraíochtaí Gaeilge a thugann tacaíocht i gcónaí do An Páipéar agus mo chomhghleacaithe sna meáin Ghaeilge a thug comhairle agus tacaíocht dom. Céard atá in ann do na chéad 100 eagrán eile? Táimid ag iarraidh an nuachtán a fhorbairt amach anseo, go mbeidh níos mó leathanach ann agus go mbeidh níos mó ábhair á chlúdach, agus foireann bhuan a fhostú chun cur le caighdeán na n-alt. Chun é seo a bhaint amach beidh gá le breis tacaíochta. Mar sin, chun daonlathas a chosaint, tá gá le saorphreas. Tá sé tuilte ag pobal na Gaeilge go mbeidh nuachtán ar fáil dóibh ar an gcaighdeáin céanna nó níos fearr ná na meáin i mBéarla.

Caoimhín Ó Cadhla

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.