Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie


Déardaoin an 1 Deireadh Fómhair go Déardaoin an 12 Samhain

Taispeántas Choláiste Feirste
Cultúrlann McAdam Ó Fiach, Beál Feirste

Dé hAoine an 2 Deireadh Fómhair

Seoladh leabhair, An Ghráig mo Chroí-se agus Na Gráinneoga Beaga Gleoite
7 pm
Áras Bhréanainn, Baile an Fheirtéaraigh, V92 K5WT
Á seoladh ag Seán Mac an tSithigh agus Pádraig Feirtéir
Fáilte roimh chách
Arna eagrú ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne

Oíche airneáil agus seoladh dlúthdhiosca Bhriain Danny Minnie
7.30 pm
An Coire
£10 an ticéad www.ancarn.org
Beidh Lillis Ó Laoire, Gearóidín Breathnach, Brian Danny Minnie agus Máire Ní Choilm i láthair.

Dé Sathairn an 3 Deireadh Fómhair

Ceardlann ealaíne Ceiltí
10 am go 1 pm
Pobal Eascarrach, an Fál Carrach, F92 XH70
Cupán tae agus comhrá faoi gach cineál ábhair, ó luibheanna dúchasacha agus béaloideas na hÉireann go dtí an gnáthshaol.

Gligíní
Grúpa spraoi do pháistí 0 go 4 bliana d’aois agus a dtuismitheoirí/caomhnóirí/Mamó nó Daideo
11 am
Áras Uilinn, Maigh Cuilinn, H91A5DV
Eolas agus clárú, deirdre@tuismitheoiri.ie
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Lá tumoideachais sa Ghaeilge
11 am go 4 pm
Seomra 101, Bartley Hall, Ollscoil Villanova
clárú saor in aisce, lón san aireamh.
Eolas, d.redden@villanova.edu

Siamsán Lego
Do ghasúir idir 7 agus 12 bliana
Meán lae
Ionad pobail shéipéal Leitir Móir
Cláraigh roimh ré, sophia@tuismitheoiri.ie, nó 085-2198926
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Tráthnóna ámhránaíochta
Campbell’s Tavern, Cloch an Uabhair, H91 T4A8
2 pm, ceardlann do pháistí le Niamh, €5
3 pm, ceardlann do dhéagóirí agus do dhaoine fásta le hAengus Hackett, €7
Tuilleadh eolais, Gaeilgeoirí Áth Cinn ar Facebook
Arna eagrú ag Gaeilgeoirí Áth Cinn

Oíche airneáin agus ceoil thraidisiúnta do dhaoine fásta
8.30 pm
Teach Úna, Iorras
Tuilleadh eolais: 085-2503321
Mar chuid den Éigse na hEachléime 2026

Dé Domhnaigh an 4 Deireadh Fómhair

Seisiún na n-amhrán
6 pm
Caifé Leaf and Bean, Áth Cinn
Imeacht saor in aisce

Dé Máirt an 6 Deireadh Fómhair

Comhrá teaghlaigh
4 pm gach Máirt
Solas, an Eachléim
Eolas agus clárú: Siobhán – 085-8339491
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Oscailt oifigiúl thaispeántas taipéise Margaret Rose Cunningham agus seoladh Mín na Craoibhe, albam agus leabhar Úr Diane Cannon
7 pm
Teach Solais Fhánada
Arna eagrú ag LPT Thuaisceart Dhún na nGall i gcomhpháirt le hEalaín na Gaeltachta

Dé Céadaoin an 7 Deireadh Fómhair

Ciorcal comhrá
6 go 7.30 pm
The Irish Rover, Grobneumarkt 8, Hamburg, an Ghearmáin
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge Hamburg
Déardaoin an 8 Deireadh Fómhair
Ceolchoirm le hIMLÉ
7.30 pm
Plás Mhic Amhlaidh, an Nás
Ticéid www.tickettailor.com/cilldaralegaeilge
Arna eagrú ag Cill Dara le Gaeilge

Dé Sathairn an 10 go dtí Dé Domhnaigh an 11 Deireadh Fómhair

Cúrsa oiliúna d’áisitheoirí drámaíochta sa Ghaeltacht
Leis an teagascóir amharclainne clúiteach Diarmuid de Faoite
Corca Dhuibhne, ionad le deimhniú
Sonraí, cuisle@udaras.ie
Spásanna teoranta
Arna eagrú ag Ealaín na Gaeltachta agus Cuisle

Dé Sathairn an 10 Deireadh Fómhair

Ceardlann amhránaíochta le Diane Ní Chanainn
10.30 am go 3.30 pm
Gaelscoil Adhamhnáin, F92 PV04
€10 agus lón san áireamh
clárú, https://lionralc.ie/product/ceardlann-amhranaiochta-le-diane-ni-chanainn

Dé Domhnaigh an 11 Deireadh Fómhair

Gaelathon, Rás trí Ghaeilge (5km)
9.30 am
Páirc an Fhionnuisce, BÁC
clárú https://tinyurl.com/45ymf2mv
Ticéad €15 (+táille áirithinte)
Eolas, eolas@baclegaeilge.ie
Bonn speisialta deartha ag an ealaíontóir Nine Arrow don Gaelathon
Sólaistí agus féiríní iontacha ag an gcríochlíne
Deis grianghraf a ghlacadh ar an bpóidiam
Atmaisféar den scoth
Arna eagrú ag BÁC le Gaeilge, Club Reatha Céim ar Chéim agus oifigeach na Gaeilge, Oifig na nOibreacha Poiblí.

Ceardlann scríbhneoireachta
Le Niall Ó Siadhail agus Laoighseach Ní Choistealbha
2 go 6 pm
Irish Cultural Centre, Hammersmith, London
Le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge Londan agus Irish Cultural Centre
Ticéid trí Eventbrite

Oíche Éigse
Le Niall Ó Siadhail agus Laoighseach Ní Choistealbha
7.30 pm
Irish Cultural Centre, Hammersmith, Londain
Oíche spreagúil le scéalta agus dánta. Beidh a dtéacsanna ar fáil do gach i láthair. Caint, craic agus ceol sa bheár ina dhiaidh.
Ticéid trí Eventbrite


Imeachtaí Fhéile Chois Fharraige

Dé hAoine an 2 Deireadh Fómhair

11 am, maidin chaife, An Cruiscín Lán, an Spidéal

8 pm, Oíche Airneáin, Stiúideo Cuan, Ealaíontóirí Cónaithe Stiúideo Cuan, Becky Ní Éallaithe, Bríd Ní Mhaolchiaráin, Seán Ó Coisdealbha agus PJ Ó hIarnáin
Dé Sathairn an 3 Deireadh Fómhair
3 go 4.30 pm, deis don óige píosa ealaíne a chruthú le Sparkcatchers i gcomhar le Muintearas agus BODGR, Halla Scoil Éinne, an Spidéal

8 pm, Johnny, an Tincéara Buí agus sleachta as scribhinní eile le Johnny Chóil Mhaidhc agus seoladh an leabhair Johnny Chóil Mhaidhc: Saothar Saoil, Amharclann Chois Fharraige. Ticéid €10 ar an doras nó glaoigh ar 083-0106294 nó 086 065 5520

Dé Domhnaigh an 4 Deireadh Fómhair

Meán lae, ceardlann damhsa Sean-nóis don óige le Róisín Ní Mhainnín, Tigh Chualáin, Coill Rua, feiliúnach do dhamsóirí os cionn 10 mbliana nó atá ag damhsa le dhá bhliain ar a laghad.

12.30 go 2.30 pm, siúlóid leis an staraí Cormac Ó Comhraí, teacht le chéile i gcarrchlós Óstán Chois Fharraige, cupán tae san óstán théis na siúlóide i gcomhar le Club Iománaíochta Bhearna agus na bhForbacha
7 pm, Faoi do Chois é, damhsa ar an sean-nós ag 50, Tigh Chualáin, Coill Rua, ceiliúradh damhsa ar an sean-nós le haíonna ag comóradh 50 bliain ó eagraíodh an chéad taispeantas i dTigh Chualáin mar chuid d’Oireachtas na Gaeilge 1976. Fear an tí Donncha Mac an Iomaire.

Breis eolais faoi na himeachtaí ó optchoisfharraige@gmail.com

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.