Tugadh ómós do 26 duine as Cathair agus Contae na Gaillimhe as an méid a dhéanann siad chun fanacht gníomhach, ceangailte agus rannpháirteach ina bpobail, mar chuid de Sheachtain an Aoisithe Dhearfaigh.
BhíSeachtain an Aoisithe Dhearfaigh ar siúl ón 25 Meán Fómhair go dtí an 2 Deireadh Fómhair i mbliana, agus ‘ceangal idir na glúnta’ mar théama aici. Déantar ceiliúradh ar an ionchur tábhachtach a dhéanann daoine scothaosta ina bpobail agus féachtar le dul i ngleic le steiréitíopaí agus le hidirdhealú bunaithe ar aois.
Bhí an t-imeacht ‘Laochra Áitiúla an Aoisithe Dhearfaigh’ i gcroílár cheiliúradh na Gaillimhe, agus tugadh aitheantas do 26 duine a léiríonn ina saol laethúil an tábhacht a bhaineann le haosú dearfach.
Dúirt Louise McLaughlin, Ceannaire Sheirbhís Tacaíochta do Dhaoine Scothaosta COPE Galway, go léiríonn na daoine ar tugadh aitheantas dóibh “an chaoi a gcabhraíonn sé linn go léir aois a bhaint amach go dearfach má fhanaimid gníomhach agus ceangailte go sóisialta”.
Ina measc tá Maureen Grealish ón gCladach, a théann ag snámh san fharraige ceithre lá sa tseachtain, fiú i rith an gheimhridh. Dar léi, tá sé tábhachtach “dul amach, bualadh le daoine agus coinneáil ag gluaiseacht”.
Tá Veronica Cronin as Baile an Phoill gníomhach sa bhabhláil agus sa cheol, agus spreagann sí daoine chun páirt a ghlacadh ina bpobail féin. Tá súil aici céad bliain d’aois a bhaint amach.
Tugadh aitheantas freisin d’Eamon Mac Giobúin, oibrí deonach le Meals4Health, fiontar sóisialta de chuid COPE Galway. Coinníonn sé gníomhach trí pháircrith agus spórt, agus tugann a chuid oibre deonaí deis dó cabhrú le daoine eile agus fanacht ceangailte lena phobal.
Tá Richard ‘Richie’ Byrne, atá 95 bliain d’aois, fós gníomhach ina phobal. D’éirigh sé as a ról mar Chathaoirleach ar Phobal ar Aire Chill Chonla-Chill Bhánáin i mbliana, tar éis dó blianta fada a chaitheamh ag obair ar son an phobail.
Tá scéalta na 26 laoch áitiúil curtha le chéile i leabhrán speisialta, agus beidh taispeántas fúthu ag taisteal ar fud chathair agus chontae na Gaillimhe sna seachtainí amach romhainn.