Tarraingíonn Méiriceá amach as an Iaráic agus tá deireadh le forghabháil 23 bliain

Saddam Hussein tar éis é a ghabhadh i Tikrit, Iaráic.

Tar éis a bhfuil déanta ag na Meiriceánaigh agus a gcomhghuaillithe iartharacha, an Ríocht Aontaithe go príomha, ina n-ionradh ar an Iaráic ar an 20 Márta 2003 le rialtas Saddam Hussein agus an réimeas Ba’at a chur as cumhacht, agus seilbh a ghlacadh ar a n-acmhainní ola agus gáis, tá deireadh tagtha anois le forghabháil Mheiriceá ar an Iaráic.  Gan mórán réamhfhógra ó na Meiriceánaigh faoin tarraingt amach seo, ní hionann agus an méid a tharla nuair a tharraing rialtas Biden amach as an Afganastáin in 2021, d’aslonnaigh fórsaí Mheiriceá ón gCeantar Glas i mBaghdad, ardchathair na hIaráice, faoi Dé Céadaoin an 30 Meán Fómhair an tseachtain seo. Lean an tarraingt amach seo plean céimnithe dhá bhliain, ag cur deireadh le forghabháil a mhair 23 bliain.

Tharraing na Meiriceánaigh amach as an gCordastáin Theas, an chuid den Chordastáin atá san Iaráic, chomh maith. Fágann sé sin na Coirdínigh áitiúla gan tacaíocht mhíleata na Meiriceánach agus iad i mbaol ó ionsaí agus forghábháil ó na Turcaigh ar an taobh ó thuaidh. Tá stát agus arm na Tuirce diongbháilte nach mbeidh féinriail ná neamhspleáchas ag aon chuid den Chordastáin, fiú in áiteanna nach bhfuil mar chuid de chríoch aitheanta na Tuirce. Tá baol níos lú ann, ach é fós ann, go bhféadfaidh an rialtas lárnach i mBaghdad iarracht a dhéanamh smacht a fháil ar an gcúige seo dá gcríoch aitheanta.

Bhí an chuid is mó den fhórsa Meiriceánach, thart ar 2,500 saighdiúr, lonnaithe sa i dtuaisceart na hIaráine, mar a bhfuil an Chordastáin Theas, ach tá iad imithe anois. Nuair a tharraing na Meiriceánaigh amach ón tSiria, ina bhfuil an Chordastáin Thiar in oirthuaisceart na tíre sin, níos luaithe i mbliana fágadh a seanchomhghuaillithe na Meiriceánach san fhaopach nuair a rinne rialtas antoisceach Ioslamach Ahmed al-Shara’a athghabháil ar an gcuid seo den chríoch. Maidir leis an gCordastáin Theas, tá neart éiginnteachta ann faoin méid a bheidh i ndán do an Coirdínigh sa chúige seo gur mian leo leanúint ar aghaidh lena bhféinriail a chleachtadh. Cé go bhfuil cumas troda suntasach ag fórsaí armtha na gCoirdíneach san Iaráic, an Peismearga, níl an neart céanna ag baint leo agus brat cosanta na Meiriceánach imithe uathu anois.

Ag pointe amháin in 2007 i bhforghabháil Mheiriceá ar an Iaráic bhí 170,000 saighdiúr Meiriceánach agus comhghuaillithe eile ECAT. Tarraingíodh fórmhór na bhfórsaí seo amach le linn uachtaránacht Obama, ach fós lean an fhorghabháil ar aghaidh in ainneoin ar gheall Obama ina fheachtas uachtaránachta. Méadaíodh an fórsa seo arís in 2014 tar éis don Stát Ioslamach teacht ar an bhfód ar feadh tamaillín agus cuid mhaith de chríocha na Siria agus na hIaráice gafa acu ar feadh tréimhse.

Ó rinne na Meiriceánaigh ionsaí agus ionradh ar an Iaráic thiar in 2003 meastar go bhfuair ar a laghad milliún duine bás mar gheall ar an gcogaíocht a lean. Chomh maith leis sin cothaíodh seicteachas nimhneach idir an pobal Siach agus an pobal Sunnaíoch, seicteachas nach raibh ann roimh 2003 le linn réimeas Saddam Hussein. Anois tá trí mhórphobal naimhdeach san Iaráic gan mórán bá acu lena chéile, na hArabaigh Shiacha a ar 60% de mhuintir na hIaráice iad sa deisceart, na hArabaigh Shunnaíocha ar 25% iad i lár agus iarthar na tíre, agus na Coirdínigh Shunnaíocha ar níos mó ná 10% iad san oirthuaisceart. Tá an ardchathair, Baghdad, deighilte ar bhonn seicteach le ceantair ar leith ag gach pobal. Leis an rialtas Siach i gceannas tá a lán tionchair ag Poblacht Ioslamach na hIaráine orthu, rud nach bhfuil na Meiriceánaigh sásta leis a bheag nó a mhór.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.