
Tá sé dochreidte gur tugadh cead don Ord Oráisteach máirseáil síos Bóthar Gharbhachaidh, i bhfianaise ar tharla ann thiar sna 90í. Chuir an cinneadh seo aon dóchas a bhí ann ar gcúl go bhféadfadh feidhmeannas Stormont, ainneoin a mhífheidhmiúlachta reatha, dul chun cinn a dhéanamh chun na scoilteanna seicteacha a bhaineann leis an am atá thart a shárú. Tá an t-am atá thart ar ais anois le díoltas.
Ar feadh ocht mbliana is fiche ní raibh aon mhórshiúl ann, agus bhi síocháin ann, do mhuintir Bhóthar Gharbhachaidh, do mhuintir Phort an Dúnáin agus do mhuintir an tuaiscirt i gcoitinne.
San achar ama sin ní raibh cead máirseála ann. Ach cén t-athrú atá ann go mbeadh athrú intinne ag na húdaráis faoi? Ní theastaíonn ó mhuintir an cheantair go mbeadh an mórshiúl ann, agus bhí sé sin soiléir. Ach níos measa fós, is cosúil nach ndeachaigh duine ar bith i gcaidreamh leo lena fháil amach cén dearcadh a bheadh acu faoin mórshiúl.
Bíonn 2,500 mórshiúl Óraisteach in aghaidh na bliana sa tuaisceart. Bíonn srianta ar 137 acu i gceantair náisiúnacha, le toiliú mhuintir na gceantar sin.