Eoin Ó Murchú Agus na leibhéil tacaíochta is measa leis na blianta á léiriú d’Fhianna Fáil sna pobalbhreitheanna is deireanaí, tá ceannaire an pháírtí, an Taoiseach Micheál Martin, ag iarraidh seilbh éigin a ghlacadh anois ar an éileamh ar athaontú na tíre. Go dtí seo bhí seasamh nimhiúil ag Martin i gcoinne aon dreama a…
Zelenskyy le fágáil taobh amuigh Tá obair ar siúl maidir le cruinniú tríthaobhach idir uachtaráin na Rúise, na Síne agus SAM, Vladimir Putin, Xi Jinping agus Donald Trump, le linn chruinniú mullaigh Chomhar Eacnamaíochta an Aigéin Chiúin agus na hÁise an mhí seo chugainn i bpríomhchathair ghnó na Síne, Shenzhen, chun plé a dhéanamh ar…

Eoin Ó Murchú Tá agóidí ollmhóra sa Fhrainc, leis na mílte ag máirseáil ar fud na tíre, curtha faoi scáth sna meáin ag foréigean agus ag creachadóireacht i gcuid bheag bailte. Tá Jean-Luc Mélenchon, ceannaire páirtí den eite chlé, La France Insoumise (an Fhrainc Dhochloíte), tar éis rabhadh a thabhairt faoin gcontúirt a bhaineann le…

Bhí na mílte oibrithe san earnáil phoiblí ar stailc aon lae Dé Céadaoin mar agóid i gcoinne dhiúltú an rialtais tairiscint pá inchreidte a chur ar an mbord, tar éis don chomhaontú pá roimhe sin dul in éag i mí an Mheithimh. Bhí tionchar as cuimse ag an stailc, léiriú ar fhearg oibrithe poiblí ar…

Eoin Ó Murchú Ní féidir gan gáire! Faoi bhru ó Mheiriceá, briseann an Eoraip a cuid caidrimh eacnamúla agus trádála leis an Rúis, go háirithe maidir le hola agus gás, ag praghsanna níos ísle ná mar atá ar fáil ag aon fhoinse eile, ag fulaingt cúlú eacnamaíochta mar thoradh air, agus ansin tagann Meiriceá isteach…
Tá oibrithe ar fud na seirbhíse poibli ag beartú dul ar stailc lae Dé Céadaoin seo chugainn, mar chuid dá bhfeachtas le cúrsaí pá a phlé leis an rialtas le feabhsuithe a bhaint amach i gcúitemah ar rátaí boilscithe. Meastar go mbainfidh an ghníomhaíocht tionscail seo le 180,000 oibrí, agus deirtear go dtagann sé i…
Eoin Ó Murchú Nuair a bhainimid an tseafóid agus an cur i gcéill ar fad de, is éard atá i gceist leis an gcáinfhaisnéis a fógraíodh sa Dáil an tseachtain seo ná ciorruithe cánach do na daoine saibhre agus tacaíocht do ghnólachtaí, agus gan ach rudaí imellacha don chuid eile againn. Tá €1.65 billiún as…
Ag a chomhdháil le déanaí i gCill Chainnigh, thug Nursing Homes Ireland (NHI) rabhadh go bhfuil éileamh ar chúram seandaoine le méadú go han-sciobtha sna blianta atá romhainn, agus nach bhfuil clár soiléir ag an stát maidir le conas déileáil leis an méid atá ag teacht anuas an bóthar. Faoi 2045 measann an Roinn Sláinte…
Eoin Ó Murchú Tá sé dochreidte gur tugadh cead don Ord Oráisteach máirseáil síos Bóthar Gharbhachaidh, i bhfianaise ar tharla ann thiar sna 90í. Chuir an cinneadh seo aon dóchas a bhí ann ar gcúl go bhféadfadh feidhmeannas Stormont, ainneoin a mhífheidhmiúlachta reatha, dul chun cinn a dhéanamh chun na scoilteanna seicteacha a bhaineann leis…
Fad a bhíonn an rialtas ag streachailt le fadhbanna buiséid gan áireamh, lena n-áirítear costas breosla, téamh tí, agus na róchaiteachais leanúnacha in earnáil na sláinte agus an oideachais, tá imní ag dul i méad i measc pinsinéirí, agus eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu, go bhfuil an chuma ar an scéal, in ainneoin cistí an…