Putin, Xi agus Trump le socrú chogadh na hUcráine a phlé

Zelenskyy le fágáil taobh amuigh

Tá obair ar siúl maidir le cruinniú tríthaobhach idir uachtaráin na Rúise, na Síne agus SAM, Vladimir Putin, Xi Jinping agus Donald Trump, le linn chruinniú mullaigh Chomhar Eacnamaíochta an Aigéin Chiúin agus na hÁise an mhí seo chugainn i bpríomhchathair ghnó na Síne, Shenzhen, chun plé a dhéanamh ar réiteach féideartha ar chogadh na hÚcráine.

De réir The Wall Street Journal níl sé i gceist go mbeadh ionadaíocht ag an Úcráin ag na cainteanna, beart a chuir imní ar phríomhchathracha na hEorpa atá ag éirí níos achrannaí leis na Stáit Aontaithe faoin gcogadh.

Níos luaithe an mhí seo bhuail cathaoirleach Bhord Muirí na Rúise, Nikolai Patrushev, ar comhairleoir sinsearach de chuid Putin é, lena chomhghleacaí Síneach chun plé a dhéanamh ar an bhféidearthacht go mbeidh a leithéid de chruinniú ann.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.