Barrachas €10.7 billiún ag an rialtas in 2025 de réir figiúirí nua ón bPríomh-Oifig Staidrimh

Bhí barrachas €10.7 billiún i gcuntais an Rialtais in 2025, de réir figiúirí nua a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) Dé Máirt.

B’ionann an barrachas sin agus 1.8% den Olltáirgeacht Intíre (OTI), laghdú suntasach ar an mbarrachas €23.4 billiún a taifeadadh in 2024.

Mar sin féin, bhí tionchar mór ag íocaíocht aonuaire €14.2 billiún, a d’eascair as breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ar fhigiúirí 2024.

Ba í 2025 an ceathrú bliain as a chéile inar thaifead an rialtas barrachas, agus sháraigh an barrachas carntha idir 2022 agus 2025 €50 billiún.

Léiríonn na figiúirí gur tháinig laghdú €4.3 billiún ar ioncam iomlán an rialtais anuraidh, go €144.8 billiún. Mar sin féin, nuair a chuirtear an íocaíocht aonuaire in 2024 as an áireamh, tháinig méadú €9.9 billiún ar ioncam an rialtais.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.