
Tá tús nua á chur le scéal an ghrúpa ceoil Gaeilge IMLÉ, a bheidh ag ceiliúradh breis agus deich mbliana ar an bhfód le heisiúint a singil nua, Ná Cuir Glaoch, inniu (an 23 Deireadh Fómhair).
Meascán de cheol neamhspleách, rap agus giotár réchúiseach atá san amhrán, a insíonn scéal caidrimh a thosaigh le dóchas ach a tháinig chun deiridh de bharr éiginnteachta, aiféala agus gealltanas nár comhlíonadh.
Tá glúin nua ceoltóirí páirteach sa leagan is déanaí de IMLÉ, ina measc James Shannon, amhránaí agus rapálaí, Bláthnaid Daly, amhránaí, Neil Ó Briain ar an ngiotár agus Niall Crichton ar na drumaí.
Tá Cian Mac Cárthaigh, a bhunaigh an tionscadal breis agus deich mbliana ó shin, agus an léiritheoir Karl Odlum fós ina mbaill sheasta den ghrúpa.
Bhí cuid de na baill nua fós ar scoil nuair a bunaíodh IMLÉ, rud a léiríonn an chaoi a bhfuil an tionscadal ag forbairt agus ag tabhairt deiseanna do ghlúin úr ceoltóirí Gaeilge.
Is í Emily de Búrca, ealaíontóir Éireannach atá lonnaithe i Londain agus bunaitheoir Croí na Gaeilge, a dhear saothar ealaíne an tsingil.
Ba iad na scannánóirí Liam O’Leary agus Gabriele Bradley a léirigh an físeán ceoil, ina bhfuil Bláthnaid Daly agus an t-aisteoir Alexander Cleary sna príomhpháirteanna.
Chaith IMLÉ cuid mhór den bhliain ag scríobh ceoil agus ag seinm in ionaid éagsúla, agus iad ag forbairt a bhfuaime.
I measc bhuaicphointí na bliana bhí gigeanna in Hawick in Albain, in Whelan’s i mBaile Átha Cliath, ag féile Tafwyl i gCaerdydd agus i gCaisleán na Cathrach le linn Oíche Chultúir.
Cuirfidh an grúpa clabhsúr leis an mbliain le ceolchoirm speisialta sa Grand Social i mBaile Átha Cliath ar an 1 Nollaig.
Beidh ceol nua nár eisíodh fós le cloisteáil ag an ócáid, chomh maith le hamhráin ó shaothar an ghrúpa le deich mbliana anuas. Beidh aíonna speisialta i láthair freisin.
Tá EP nua beartaithe ag IMLÉ do 2027, agus tabharfaidh siad faoi shraith ceolchoirmeacha chun an saothar nua a cheiliúradh.